Ach ní’l an phréamh aige; ní leanann sé ach tamall; agus nuair a thagann an trioblóid agus an ghéarleanmhaint mar gheall ar an mbriathar, glacann sé sgannal.
Matha 13:6 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus d’eirigh an ghrian agus do ghoill an teas ortha; agus toisg gan an phréamh a bheith acu d’fheóchadar. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ach nuair a dʼéirigh an ghrian go hard sa spéir dódh iad; agus ó nach raibh aon fhréamh acu shearg siad leo as. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus nuair a d’éirigh an ghrian, scalladh iad: agus mar nach raibh fréamh acu, smal siad. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) agus nuair d’éirigh an ghrian, do dóigheadh é, agus de bhrigh nach raibh aon fhréamh aige, d’fheogh sé. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ar néirghe don ghréin, do dóidheadh é; agus ar son nach raibh fréumhaige, do shearg sé. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ar éirí don ghrian, áfach, loisceadh é, agus dʼfheoigh sé de cheal fréimhe. An Bíobla Naofa 1981 Ar éirí don ghrian, áfach, loisceadh é, agus d'fheoigh sé de cheal fréimhe. |
Ach ní’l an phréamh aige; ní leanann sé ach tamall; agus nuair a thagann an trioblóid agus an ghéarleanmhaint mar gheall ar an mbriathar, glacann sé sgannal.
Agus do thuit cuid eile acu i n-áit i n-a raibh clocha agus ithir shuarach; agus d’fhásadar go luath, toisg gan doimhneas ithreach a bheith acu.
Agus do thuit cuid eile acu ameasg na sgeach; agus d’fhás na sgeacha agus mhúchadar iad.
Agus nuair a dh’eirigh an ghrian tháinig an brothall air, agus toisg gan an phréamh a bheith aige d’fheóch sé.
Agus an chuid a thuiteann ar an gcaraig, siniad an mhuintir a ghlacann an focal le h-áthas nuair airighid siad é; ach ní bhíd na préacha acu san; creidid siad ar feadh tamaill agus i n-am an chatha téighid siad ar gcúl.