Thug sé soluíd eile dhóibh, agus dubhairt sé: Is cosmhail rígheacht na bhflathas le duine a chuir síol fóghanta ’n-a chuid tailimh;
Matha 13:45 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus airís, is cosmhail rígheacht na bhflathas le ceannaidhe a bheadh ag lorg péarlaí fóghanta. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) “Is cosúil arís ríocht na bhflaitheas le ceannaí a bhíodh ag cuardach na bpéarlaí ab fhearr, Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Arís, is cosamhail ríoghacht na bhflaitheas le ceannaidhe ar lorg phéarlaí maith, Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Arís, is cosmhail ríoghacht na bhflaitheas le ceannaidhe agus é ar lorg péarla luachmhair: An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) A rís, is cosmhail ríoghachd neimhe le ceannuighe áirighthe, iárras clocha úaisle: An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 “Nó fós, is cosúil Ríocht na bhflaitheas le ceannaí a bhí ag lorg péarlaí breátha. An Bíobla Naofa 1981 “Nó fós, is cosúil ríocht na bhflaitheas le ceannaí a bhí ag lorg péarlaí breátha. |
Thug sé soluíd eile dhóibh, agus dubhairt sé: Is cosmhail rígheacht na bhflathas le duine a chuir síol fóghanta ’n-a chuid tailimh;
Agus nuair a fuair sé aon phéarla amháin ana-luachmhar, do dhíol sé a raibh aige, agus do cheannaigh sé an péarla san.
Mar, cad é an tairbhe do dhuine an domhan go léir a bhuachtaint, má dheineann sé a anam féin a chailleamhaint? nó cad í an mhalairt a dhéanfaidh duine ar a anam féin?
Ach dheineadar-san neamhshuím de, agus d’imthígheadar, duine acu chun a fheirime, agus duine acu chun a cheannaidheachta.
Ná tugaidh an nídh naomhtha dos na madraíbh; agus na caithidh bhúr bpéarlaí chun na muc, le h-eagla go ngeóbhaidís do chosaibh ionta, agus ansan go n-iompóchaidís oraibh agus go stracfaidís sibh.