Agus an t-é a dhéarfaidh focal i n-aghaidh Mhic an Duine, maithfar dó é; ach an t-é a dhéarfaidh i n-aghaidh an Spioraid Naoimh é, ní maithfar dó é, ar an saoghal so ná ar an saoghal atá le teacht.
Matha 13:39 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus an namhaid a chuir an cogal, siné an diabhal. Agus isé deire an tsaoghail an fóghmhar; agus isiad na h-aingil na buanaidhthe. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) is é an namhaid a chuir é an diabhal; is é an fómhar deireadh na haoise, agus is iad na buanaithe na haingil. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus is é an diabhal an námha a chuir é. Is é deireadh an tsaoghail an fóghmhar. Agus is iad na h-aingle na buanaidhthe. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) agus is é an diabhal an námhaid do chuir iad: agus is é deireadh an tsaoghail an fóghmhar; agus is iad na h‐aingil na buanaidhthe, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus an námhaid do chuir é a sé an díabhal é; agus a sé an fóghmhar deireadh an tsáoghail; agus a síad na búanuidhe na haingil. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 agus is é an diabhal an namhaid a scaipeann é. Is é deireadh an tsaoil an fómhar agus is iad na haingil na buanaithe. An Bíobla Naofa 1981 agus is é an diabhal an namhaid a scaipeann é. Is é deireadh an tsaoil an fómhar agus is iad na haingil na buanaithe. |
Agus an t-é a dhéarfaidh focal i n-aghaidh Mhic an Duine, maithfar dó é; ach an t-é a dhéarfaidh i n-aghaidh an Spioraid Naoimh é, ní maithfar dó é, ar an saoghal so ná ar an saoghal atá le teacht.
Agus an t-é a ghlac an siól ins na sgeachaibh, siné an t-é a chloiseann an briathar, agus go ndeineann cúram an tsaoghail seo agus mealladh saidhbhris an briathar do mhúchadh, agus bíonn sé gan toradh.
Ach nuair a bhí na daoine ’n-a gcodladh tháinig an namhaid agus do chuir sé cogal i lár na cruithneachtan, agus d’imthigh sé.
Agus dubhairt sé leó: Namhaid a dhein an nídh sin. Agus dubhairt na seirbhísigh leis: An toil leat sinn do dhul agus an cogal a bhaint?
D’á bhrígh sin, mar a bailightear an cogal agus a dóightear é sa teine, sin mar a bheidh i ndeire an tsaoghail.
Sin mar a bheidh i ndeire an tsaoghail. Imthéochaid na h-aingil amach, agus deighilfid siad na droch-dhaoine a’ lár na bhfíoraon.
Agus do shuid sé ar chnoc Olibhet, agus tháinig a dheisgiobuil chuige a gan fhios, agus dubhradar: Innis dúinn cathain a thuitfid na neithe seo amach, agus cad a bheidh mar chómhartha ar do theacht-sa, agus ar dheire an tsaoghail.
Ach nuair a thiocfaidh Mac an Duine ’n-a ghradam, agus a aingil go léir i n-aonfheacht leis, suidhfidh sé gncathaoir a ghradaim;
Agus teagaisgidh iad chun gach ar órduigheas-sa dhaoibh do choimeád: agus féach, táim-se i nbhúr bhfochair tríd na laethanta go léir, go dtí críochnú an tsaoghail.