Gach duine a chloiseann briathar na rígheachta agus ná tuigeann é, tagann an droch-spioraid agus tógann sé an síol a cuireadh ’n-a chroídhe sin. Siné an síol a cuireadh i n-aice an bhóthair.
Matha 13:20 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) An t-é a ghlac an síol mar a raibh na clocha, siné an t-é a chloiseann an briathar agus do ghlacann láithreach é le h-áthas; An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) I dtaca leis an síol a cuireadh sa talamh creagach, is é sin an té a chluineas an briathar agus a ghlacas leis go háthasach gan mhoill; Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus an té i n-ar cuireadh an síol ar thalamh chlochach, is é sin an té a chluin an briathar, agus a ghlacas é láithreach le lúthgháir. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus an duine ’n‐ar cuireadh an síol ins na h‐áiteannaibh clochacha, is é sin an duine do‐chluin an briathar, agus ghlacas le h‐áthas ar an láthair é; An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus an té úd ann ar cuireadh an síol a bhfearann chlochach, a sé sud an té do chluin an bhríathar, agus ghabhas chuige é do láthair maille re gáirdeachas; An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 An duine a ghlac an síol ar na creaga, sin é an duine a chluineann an briathar agus a ghabhann chuige le háthas é láithreach, An Bíobla Naofa 1981 An duine a ghlac an síol ar na creaga, sin é an duine a chluineann an briathar agus a ghabhann chuige le háthas é láithreach, |
Gach duine a chloiseann briathar na rígheachta agus ná tuigeann é, tagann an droch-spioraid agus tógann sé an síol a cuireadh ’n-a chroídhe sin. Siné an síol a cuireadh i n-aice an bhóthair.
Ach ní’l an phréamh aige; ní leanann sé ach tamall; agus nuair a thagann an trioblóid agus an ghéarleanmhaint mar gheall ar an mbriathar, glacann sé sgannal.
Óir gach aoinne a iarrann tugtar dó; agus gach aoinne a loirgeann gheibheann sé, agus gach aoinne a bhuaileann osgal-tar dó.
Óir bhí eagal ar Héród roim Eóin, mar bhí fhios aige gur dhuine naomhtha, fíoraonta é, agus bhí sé ’ghá choimeád, agus dheineadh sé a lán neithe ar a chómhairle, agus thugadh sé cluas dó go toilteanach.
Lóchran ar lasadh agus ag taithneamh ab eadh é siúd, agus níor mhisde libh-se ar feadh tamaill áthas a dh’fhághail ’n-a sholus.
Ansan do chreid Símón féin agus do baisteadh é, agus d’fhan sé i bhfochair Philib. Agus nuair a chíodh sé na mírbhúiltí d’á ndéanamh, agus na cómhachta thar na beartaibh, bhíodh iongna agus alltacht air.