Agus féach, bhí duine ann agus a lámh gan tapadh. Agus d’fhiafraigheadar de, An dleaghthach leigheas a dhéanamh sa tsabbóid? ionus go bhféadfaidís rud a chur ’n-a leith.
Matha 12:2 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus chonaic na Fairisínigh iad, agus dubhradar: Féach, táid do dheisgiobuil ag déanamh ruda nach dleaghthach a dhéanamh lá na sabbóide. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ach nuair a chonaic na Fairiséigh sin, dúirt siad leis, “Féach, tá do dheisceabail ag déanamh ní nach ceadmhach a dhéanamh ar an tsabóid.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Acht chonnaic na Fairisínigh iad, agus dubhairt leis: Féach, tá do dheisciobail ag déanamh ruda nach dlisteannach a dhéanamh ar an tsabóid. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Acht na Fairisínigh, nuair do chonnacadar‐san é, adubhradar leis, Féach, atá do dheisceabail ag déanamh nidh nach dleaghthach a dhéanamh, lá na sabóide. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus an tan do choncadar na Pháirisinigh so, a dubhradar risean, Féuch, do ní do dheisgiobail ní nach coir do dhéanamh ann sá tsáoire. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Chonaic na Fairisínigh é sin agus dúirt siad: “Féach, tá do dheisceabail ag déanamh ruda nach dleathach a dhéanamh lá sabóide.” An Bíobla Naofa 1981 Chonaic na Fairisínigh é sin agus dúirt siad: “Féach, tá do dheisceabail ag déanamh ruda nach dleathach a dhéanamh lá sabóide.” |
Agus féach, bhí duine ann agus a lámh gan tapadh. Agus d’fhiafraigheadar de, An dleaghthach leigheas a dhéanamh sa tsabbóid? ionus go bhféadfaidís rud a chur ’n-a leith.
Ach dubhairt seisean leó: An amhlaidh nár léigheabhair cad a dhein Dáibhid nuair a bhí ocras air féin agus ar an muintir a bhí i n-aonfheacht leis?
Agus dubhairt na Fairisínigh leis: Féach; Cad chuige dhóibh sin bheith ag déanamh ruda nách dleaghthach a dhéanamh sa tsabbóid?
Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt sé leis an lucht dlíghe agus leis na Fairisínigh: An ceart leigheas a dhéanamh sa tsabbóid?
Agus d’fhilleadar agus d’ollamhuigheadar spíosra agus oíle, agus ansan do ghlacadar a suaimhneas i gcaitheamh na sabbóide, do réir na h-aithne.
Agus dubhairt cuid de sna Fairisínigh leó: Cad chuige dhaoibh nídh nách dleaghthach a dhéanamh sa tsabbóid?