Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Matha 12:12 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Nach mó le rádh go mór duine ’ná caora? D’á bhrígh sin is dleaghthach tairbhe déanamh sa tsabbóid.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Nach fiú i bhfad níos mó duine ná caora! Dá bhrí sin de, is ceadmhach an mhaith a dhéanamh ar an tsabóid.”

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Nach feárr i bhfad duine ná caora? Ar an adhbhar sin is ceadmhach maith a dhéanamh ar an tsabóid.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Nach mó le rádh go mór duine ’ná caora! D’á bhrigh sin is dleaghthach maith do dhéanamh, lá na sabóide.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

A né nach mór is fear duine na cáora? Ar a nadhbharsin is ceaduightheach maith do dhéanamh air an tsáoire.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Agus is mó is fiú duine ná caora. Dá réir sin, tá sé dleathach an mhaith a dhéanamh lá sabóide.”

Féach an chaibidil

An Bíobla Naofa 1981

Agus is mó is fiú duine ná caora. Dá réir sin, tá sé dleathach an mhaith a dhéanamh lá sabóide.”

Féach an chaibidil



Matha 12:12
6 Tagairtí Cros  

Ná bíodh eagla oraibh, d’á bhrígh sin. Is mó le rádh sibh-se ’ná mórán des na gealbhúnaibh.


Féachaidh éanlaithe an aeir; ní chuirid siad síol ná ní bhainid siad fóghmhar, ná ní dheinid siad cnuasach i sgioból; Agus deineann bhúr n-Athair neamhdha iad do chothú. Nách mó go mór le rádh sibh-se ’ná iad san?


Agus dubhairt sé leó-san: Cé ’cu is dleaghthach, maith a dhéanamh nó olc a dhéanamh sa tsabbóid? anam duine do shaoradh nó do mhilleadh? Níor labhradar-san focal.


Féachaidh na fiacha dubha; ní chuirid siad síol agus ní bhainid siad fóghmhar; ní bíonn cúil stórais acu ná sgioból; agus cothuigheann Dia iad. Nach mó go mór le rádh sibh-se ’ná iad san?


Agus do thárla go ndeaghaidh Íosa isteach i dtigh uachtaráin do sna Fairisínigh sa tsabbóid chun bídh a chaitheamh, agus go rabhadar san ag faire air.


Agus dubhairt Íosa leó-san: Cuirim an cheist seo chúghaibh, cé ’cu is cóir maith a dhéanamh nó olc a dhéanamh sa tsabbóid, anam do shaoradh nó é mhilleadh?