Agus do ghlaoidh sé chuige a dháréag deisgiobul, agus thug sé dhóibh cómhacht ar na h-annspridíbh, chun iad do chur amach, agus chun gach galair agus breóiteachta do leigheas.
Matha 10:8 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Leighsidh daoine breóite; tógaidh na mairbh ó’n mbás; glanaidh na lobhair; cuiridh amach na deamhain. Is i n-aisge do fuarabhair; tugaidh uaibh i n-aisge. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Leigheasaigí na daoine breoite, tógaigí na marbháin, glanaigí na Iobhair, díbrígí na deamhain. Fuair sibh saor in aisce, tugaigí uaibh saor in aisce. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Leigheasaigidh na h-easláin, tógaigidh na mairbh, glanaigidh na lobhair, teilgigidh amach deamhain. I n-aiscidh a fuair sibh, tabhairigidh uaibh i n-aiscidh. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Leigheasaidh na h‐easláin, dúisighidh na mairbh, glanaidh na lobhair, caithidh amach na deamhain: i n‐aisce do fuarabhar, tabhraidh uaibh i n‐aisce. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Slánaighidh na daóine éugcrúaidhe, glanaigh na lobhair, dúisgidh na mairbh, teilgidh a mach na deamhain: a naisgidh fúarabhair, tabhruidh uáibh a naisgidh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Leigheasaigí lucht tinnis, tógaigí na mairbh, glanaigí na lobhair, caithigí amach na deamhain. In aisce a fuair sibh; tugaigí uaibh in aisce. An Bíobla Naofa 1981 Leigheasaigí lucht tinnis, tógaigí na mairbh, glanaigí na lobhair, caithigí amach na deamhain. In aisce a fuair sibh; tugaigí uaibh in aisce. |
Agus do ghlaoidh sé chuige a dháréag deisgiobul, agus thug sé dhóibh cómhacht ar na h-annspridíbh, chun iad do chur amach, agus chun gach galair agus breóiteachta do leigheas.
Imthíghidh, agus deinidh craobhsgaoileadh, agus abraidh, Tá rígheacht na bhflathas tagaithe i n-achmaireacht.
Tógfaid siad aithreacha nimhe, agus má ólaid siad deoch marbhuightheach ní ghortóchaidh sé iad: Cuirfid siad a lámha ar daoine breóite agus beid siad go maith.
Agus leighisidh na daoine breóite sa chathair sin, agus abraidh leó, Tá rígheacht Dé buailte libh.
Dubhairt Peadar: Ní’l airgead agam ná ór, ach an níd atá agam bheirim duit é. I n-ainim Íosa Críost Nasareit eirigh agus siubhluigh;
Le d’láimh a shíne amach ag déanamh leigheas agus mírbhúiltí agus iongnaí tré ainim do Mhic naomhtha Íosa.