Dubhairt sé leó: Druididh siar; ní marbh atá an cailín, ach ’n-a codladh. Agus bhíodar ag fonamhaid uime.
Lúcás 8:53 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus bhíodar ag gáirí uime, mar bhí fhios acu í bheith marbh. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus rinne siad gáire fonóideach air, agus a dhea-fhios acu í a bheith marbh. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus rinne siad gáire fonamhaide faoi, mar go raibh a fhios acu go raibh sí marbh. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus do‐rinneadar gáiridhe magamhail faoi, agus a fhios aca go raibh sí marbh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do rinneadarsan fonomhad faoi, tré go raibh a fhios aca go raibh sí marbh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus bhí siad ag fonóid faoi, agus a fhios acu gur marbh a bhí sí. An Bíobla Naofa 1981 Agus bhí siad ag fonóid faoi, agus a fhios acu gur marbh a bhí sí. |
Dubhairt sé leó: Druididh siar; ní marbh atá an cailín, ach ’n-a codladh. Agus bhíodar ag fonamhaid uime.
Agus bhí na Fairisínigh ag éisteacht leis na neithe sin go léir, agus daoine sanntacha b’eadh iad, agus bhíodar ag déanamh magaidh faoi.
Agus bhí na daoine go léir ag gol agus ag caoi ’n-a diaidh. Agus dubhairt sé leó: Ná bídhidh ag gol; ní marbh atá an cailín, ach ’n-a codla.
Ach do rug sé féin an láimh uirthi, agus do labhair sé do ghuth árd agus dubhairt: A chailín, eirigh.
Dubhairt Íosa: Tógaidh an chloch. Dubhairt Marta leis, drifiúr an duine mhairb: A Thighearna, tá sé bréan um an dtaca so, mar tá sé cheithre lá marbh.