Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 8:54 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

54 Ach do rug sé féin an láimh uirthi, agus do labhair sé do ghuth árd agus dubhairt: A chailín, eirigh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

54 Ach rug seisean ar a láimh gur ghlaoigh uirthi á rá, “A linbh, éirigh aniar.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

54 Agus ag breith greim láimhe dó uirthí labhair sé de ghuth árd, ag rádh: A cháilín, éirigh.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

54 Acht do rug seisean ar láimh uirthi, agus do ghlaodh sé os árd, A chailín, éirigh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

54 Agus ag cur cháich uile amach dhósan, agus ad breith ar a láimh, do éigh sé, ag rádh, A chalín, éirigh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

54 Ach rug sé ar láimh uirthi agus ghlaoigh amach: “A chailín, éirigh!”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

54 Ach rug sé ar láimh uirthi agus ghlaoigh amach: “A chailín, éirigh!”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 8:54
15 Tagairtí Cros  

Agus nuair a cuireadh na daoine amach, do chuaidh sé isteach, agus do rug sé ar láimh uirthi. Agus d’eirigh an cailín.


Agus tháinig sé agus do rug sé ar láimh uirthi agus thóg sé suas í, agus d’imthigh an fiabhras di láithreach, agus dhein sí friothálamh ortha.


Agus do rug sé ar láimh ar an ndall, agus do rug sé as an mbaile beag é, agus chuir sé seile ar a shúilibh, agus chuir sé a dhá láimh air, agus d’fhiafraigh sé dhe an bhfeacaidh sé aon nídh.


Agus nuair a chuaidh sé isteach sa tigh d’fhiafraigh a dheisgiobuil dé, a gan fhios: Cad ’n-a thaobh nár fhéadamair-ne é chur amach?


Agus nuair a shrois sé an tigh níor leig sé aoinne isteach i n-aonfheacht leir ach Peadar agus Séamus agus Eóin, agus athair agus máthair an chailín.


Agus bhíodar ag gáirí uime, mar bhí fhios acu í bheith marbh.


Agus tháinig a h-anam thar n-ais, agus d’eirigh sí láithreach. Agus dubhairt sé rud le n-ithe thabhairt di.


Tar éis na cainte sin do rádh dhó do ghlaoidh sé do ghuth árd: A Lasaruis, tar amach.


Óir, fé mar a thógann an t-Athair na mairbh agus dheineann sé beó iad, ar an gcuma gcéadna deineann an Mac beó an mhuintir is toil leis.


Annsan do chuir Peadar na daoine go léir amach as an seómra agus do leig sé é féin ar a ghlúinibh agus dhein sé úrnuighthe, agus d’iompuigh sé chun an chuirp agus dubhairt sé: A Thaibíta, éirigh! Agus d’osgail sisi a súile agus chonnaic sí Peadar agus d’éirigh sí aniar.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí