Fé mar nár tháinig Mac an Duine chun seirbhíse dh’fhághail, ach chun seirbhíse thabhairt uaidh, agus chun a anama thabhairt uaidh mar cheannach ar a lán.
Lúcás 7:6 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus bhí Íosa ag dul leó, agus nuair a bhíodar tagaithe i n-achmaireacht do’n tigh do chuir an taoiseach céad cáirde leis ag triall air chun a rádh: A Thighearna, ná cuir thu féin chun trioblóide, mar ní fiú mise go dtiocfá fá m’dhíon isteach: An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus chuaigh Íosa leo. Ach nuair a bhí sé tamall ón teach, chuir an ceantúir cuid dá chairdesean chuige, a dúirt leis, “A Thiarna, ná cuirigí an saothar seo oraibh féin, mar ní fiú mé go dtiocfadh sibh faoi mo dhíon; Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus chuaidh Íosa leo. Agus nuair a bhí sé cheana féin i ngaobhar do’n tigh, chuir an ceanntúir cáirde chuige, a rádh: A Thighearna, ná bí do bhodhradh féin: óir ní fiú mise go dtiocfá isteach faoi mo dhíon; Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus do‐chuaidh Íosa i n‐éinfheacht leo. Agus nuair nach raibh sé i bhfad ó’n tigh, do chuir an ceanntúir cáirde leis chuige, g‐á rádh leis, A Thighearna, ná cuir aon trioblóid ort féin: óir ní fiú mise go dtiocfá isteach fám’ dhíon: An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do chuaidh Iósa léo. Agus an tan do bhí sé a ngar don tigh, do chuir an caiptín a cháirde chuige, ag rádh ris, A Thighearna, Ná cuir búaidhreadh ort féin: óir ní fíu misi go rachfá a sdeach fá chléith mo thighe: An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus dʼimigh Íosa leo. Ní raibh sé i bhfad ón teach nuair a chuir an taoiseach céid cairde chuige dá rá leis: “A Thiarna, ná cuir as duit féin, óir ní fiú mé go dtiocfá isteach faoi dhíon mo thí: An Bíobla Naofa 1981 Agus d'imigh Íosa leo. Ní raibh sé i bhfad ón teach nuair a chuir an taoiseach céad cairde chuige á rá leis: “A Thiarna, ná cuir as duit féin, óir ní fiú mé go dtiocfá isteach faoi dhíon mo thí: |
Fé mar nár tháinig Mac an Duine chun seirbhíse dh’fhághail, ach chun seirbhíse thabhairt uaidh, agus chun a anama thabhairt uaidh mar cheannach ar a lán.
Táim-se ag bhúr mbaiste le h-uisge chun aithrighe, ach an t-é atá ag teacht am’ dhiaidh is cómhachtaíghe é ’ná mise, agus ní fiú me go ndéanfainn a bhróga d’iompar; baistfidh sé sin sibh leis an Spioraid Naomh agus le teine.
Agus d’imthigh sé ‘n-a theannta, agus chuaidh mórán daoine i n-aonfheacht leis, agus bhíodar ag brúth air.
Nuair a chonaic Símón Peadar an nídh sin do chaith sé é féin ag glúinibh Íosa, agus dubhairt: Imthigh uaim, a Thighearna, mar is duine peacamhail mé.
Agus nuair a thánadar-san ag triall ar Íosa d’iarradar go cruaidh air dul, agus dubhradar; Is fiú é go ndéanfá an nídh sin dó,
Is uime sin nár thuigeas gur bh’fhiú mé mé féin do dhul ag triall ort; ach abair i bhfocal é agus beidh mo sheirbhiseach slán.
Agus é ag rádh na cainte sin tháinig duine chun uachtarain na sinagóige agus dubhairt sé leis: Tá t’inghean thar éis bháis, ná bí ’ghá chur chun trioblóide.
Íosa ó Nasaret: chonus mar do ong Dia é leis an Spioraid Naomh agus le cómhacht, agus gur ghluais sé ag déanamh tairbhthe agus ag leigheas na ndaoine a bhí fé annsmacht an diabhail, toisg Dia bheith leis.