Agus do thárla ’n-a dhiaidh san go raibh sé ag dul go dtí an chathair ar a dtugtar Náim, agus bhí a dheisgiobuil i n-aonfheacht leis agus sluagh mhór.
Lúcás 7:12 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus nuair a bhí sé ag teacht chun geata na catharach, féach, bhí corp d’á bhreith amach, aonmhac a bhí agá mháthair, agus baintreach ab eadh an mháthair; agus bhí sochraid mhór de mhuintir na catharach léi. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Nuair a bhí sé féin ag druidim le geata na cathrach, bʼshiúd fear a bhí i ndiaidh bás a fháil á iompar amach, an t‑aon mhac amháin a bhí ag a mháthair, a bhí ina baintreach mhná; agus bhí slua mór de lucht na cathrach á comóradh. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus nuair a tháinic sé cómhgarach do gheafta na cathrach, féach, bhí duine marbh dá iomchar amach, aonmhac a mháthar; agus bhí sise ina baintreabhaigh: agus bhí sluagh mór de mhuinntir na cathrach léi. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus nuair do bhí sé ag teacht i ngar do gheata na cathrach, féach, do bhí corp d’á bhreith amach, aon‐mhac a mháthar, agus ise ’n‐a baintreabhaigh: agus do bhí mórán de mhuinntir na cathsach ’n‐a fochair. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus an tan tháinig sé a ngar do dhoras na caithreach, féuch, do bhí duine marbh agá bhreith amach, do bhí na áon mhac agá mháthair, agus í na baintreabhaigh; agus do bhí coimhthionól mór ón chathruigh na fochair. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus nuair a bhí sé i ngar do gheata na cathrach, bhí marbh dá thabhairt amach le cur, aonmhac a mháthar, agus ise ina baintreach, agus sochraid mhór de mhuintir na cathrach léi. An Bíobla Naofa 1981 Agus nuair a bhí sé i ngar do gheata na cathrach, bhí marbh á thabhairt amach le cur, aonmhac a mháthar, agus ise ina baintreach, agus sochraid mhór de mhuintir na cathrach léi. |
Agus do thárla ’n-a dhiaidh san go raibh sé ag dul go dtí an chathair ar a dtugtar Náim, agus bhí a dheisgiobuil i n-aonfheacht leis agus sluagh mhór.
Agus nuair a chonaic an Tighearna í tháinig truagh aige dhi agus dubhairt sé léi: Ná bhí ag gol.
Mar go raibh aon inghean amháin aige agus í tímpal dhá bhliain déag, agus go raibh sí ag dul chun báis. Agus, ag dul ann dó, do tharla go raibh an tsluagh ag brúth air.
Agus bhí na daoine go léir ag gol agus ag caoi ’n-a diaidh. Agus dubhairt sé leó: Ná bídhidh ag gol; ní marbh atá an cailín, ach ’n-a codla.
Agus bhí cuid mhór Iúdach tagaithe ag triall ar Mharta agus ar Mháire chun sóláis a chur ortha i ndiaidh a ndrithár.
Agus d’eirigh Peadar agus tháinig sé leó. Agus nuair a tháinig sé ann do rugadar suas é go dtí an seómra mór, agus bhí na baintrneacha ’n-a seasamh ’n-a thímpal agus iad ag sile deór agus iad ag taisbeáint na gcótaí agus na mball éadaigh dó a dheineadh Dorcas dóibh.
Agus thug sé a lámh di agus chuir sé ’n-a seasamh í. Asus do ghlaoidh sé isteach na naoimh agus na baintreacha agus thug sé suas dóibh í ’n-a beathaidh.