Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 4:4 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Agus d’fhreagair Íosa é: Tá sgríobhtha: Ní h-ar arán amháin a mhaireann an duine ach ar gach briathar a thagann ó Dhia.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Agus ba é freagra Íosa air, “Tá scríofa, ‘nach ar arán amháin a bheas an duine beo.’”

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus d’fhreagair Íosa é: Tá sé scríobhtha: Ní ar arán amháin a mhaireas an duine, acht ar an uile bhriathar Dé.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Agus d’fhreagair Íosa é, Atá scríobhtha, Ní h‐ar arán amháin mhairfeas an duine.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus do fhreagair Iósa é, ag rádh, A tá sgríobhtba, Nach lé harán a mháin mhairfios an duine, achd lé gach uile bhréithir Dé.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Agus dʼfhreagair Íosa é: “Tá scríofa: ‘Ní ar arán amháin a mhairfidh an duine.’”

Féach an chaibidil

An Bíobla Naofa 1981

Agus d'fhreagair Íosa é: “Tá scríofa: ‘Ní ar arán amháin a mhairfidh an duine.’ ”

Féach an chaibidil



Lúcás 4:4
13 Tagairtí Cros  

Agus dubhairt seisean ’ghá fhreagradh: Tá sgríobhtha: Ní h-ar arán amháin a mhaireann an duine, ach ar an uile fhocal d’á dtagann ó bhéal Dé.


Ná bídhidh ag déanamh buartha, d’á bhrígh sin, ’ghá rádh, Cad d’íosfaimíd? ná, Cad d’ól-faimíd? ná, Cad a chlúdóchaidh sinn?


Nuair a chuireas uaim sibh gan sparán gan mála gan bróga, an raibh aon nídh i n-easnamh oraibh?


Óir tá sgríobhtha: Gur thug sé órdú ad’ thaobh d’á aingealaibh go ndéanfaidís tu thabhairt saor,


Agus dubhairt an diabhal leis: Má’s tu Mac Dé abair leis an gcloich seo go ndéanfadh arán di.


Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt leis: Tá sgríobhtha: Adharfaidh tú do Thighearna Dia agus déanfair seirbhís dó san amháin.