Agus bhí sé ’n-a shuidhe ’n-a chathaoir bhreitheamhantais, agus chuir a bhean teachtaireacht chuige, agus dubhairt sí: Ná bhíodh aon bhaint agat leis an nduine fíoraonta san; óir tá a lán fuilingthe agam indiu mar gheall air, tré aisling.
Lúcás 23:4 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhairt Pílát le h-uachtaráin na sagart agus leis an sluagh: Ní bhfaighim aon choir sa duine seo. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ach is é a dúirt Píoláid leis na hardsagairt agus leis na sluaite, “Ní fheictear dom go bhfuil coir ar bith déanta ag an duine seo.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus dubhairt Pioláit le h-uachtaráin na sagart agus leis na sluaighte: Ní fhaghaim-se aon choir san duine seo. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus adubhairt Píoláid le h‐uachtaránaibh na sagart, Ní fhaighim aon locht sa duine seo. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt Píoláid ris na hárdsagartuibh agus ris an tslúagh, Ní fhaghaimsi cúis ar bith air a bhfearso. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dúirt Píoláit ansin le huachtaráin na sagart agus leis na sluaite: “Ní fhaighim ciontacht ar bith sa duine seo.” An Bíobla Naofa 1981 Dúirt Pioláit ansin le huachtaráin na sagart agus leis na sluaite: “Ní bhfaighim ciontacht ar bith sa duine seo.” |
Agus bhí sé ’n-a shuidhe ’n-a chathaoir bhreitheamhantais, agus chuir a bhean teachtaireacht chuige, agus dubhairt sí: Ná bhíodh aon bhaint agat leis an nduine fíoraonta san; óir tá a lán fuilingthe agam indiu mar gheall air, tré aisling.
Agus dubhairt Pílát leó: Sdó, cad é an t-olc atá déanta aige? Ach sin mar ab’ aoirde do liúghadar: Céas é.
Agus dubhairt seisean leó an trímhadh h-uair: Agus cad é an t-olc atá déanta aige? Ní bhfaighim aon choir bháis ann; smachtóchad é, d’á bhrígh sin, agus leigfead chun siubhail é.
Deir Pílát leis: Cad is fírinne ann? Agus nuair adubhairt sé an focal san d’imthigh sé amach airís chun na n-Iúdach, agus dubhairt sé leó: Ní bhfaghaim-se coir ar bhith ann.
Ach níor fhéadar féin a d’fheisgint go raibh aon rud déanta aige do thuillfeadh bás. Ach do ghairm sé féin Augustus agus tá socair agam ar é do chur chuige.
Dia Ábraham agus Dia Isaac agus Dia Iácóib, Dia ár sínsear, a thug glóire d’á Mhac Íosa, an té a dheineabhairse a bhrath agus do shéanad i láthair Phíláit, agus eisean ag tabhairt saorbhreithe air.