Óir múinfidh an Spioraid Naomh daoibh, i láthair na h-uaire sin, cad is ceart daoibh a rádh.
Lúcás 21:15 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Óir tabharfad-sa dhaoibh béal agus eagna ná féadfaid bhúr namhaid go léir cur ’n-a gcoinnibh ’ná labhairt ’n-a gcoinnibh. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) mar bronnfaidh mise briathar béil agus eagna chinn oraibh, nach bhféadfaidh bhur gcúiseoirí seasamh roimhe ná a shéanadh. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Óir bhéarfaidh mise béal agus eagna díbh, nach mbéidh bhur n-eascáirde go léir ábalta cur ina n-aghaidh ná labhairt ina n-aghaidh. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) óir do‐bhéarfad‐sa briathra béil agus eagna dhaoibh nach bhféadfaidh bhúr náimhde go léir a séanadh ná cur ’n‐a gcoinnibh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Oír do bheara misi béul dáoibh agus eagna, nach budh héidir lé bhur neasgcáirdidh uile labhairt ná cur na haghuidh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 óir tabharfaidh mise urlabhra daoibh agus eagna nach bhféadfaidh bhur gcúisitheoirí uile cur ina haghaidh ná a bhréagnú. An Bíobla Naofa 1981 óir tabharfaidh mise urlabhra daoibh agus eagna nach bhféadfaidh bhur gcúisitheoirí uile cur ina haghaidh ná a bhréagnú. |
Óir múinfidh an Spioraid Naomh daoibh, i láthair na h-uaire sin, cad is ceart daoibh a rádh.
Agus tabharfaid bhúr n-aithreacha agus bhúr máithreacha suas d’bhúr namhaid sibh, agus bhúr ndriotháracha, agus bhúr ngaolta, agus cuirfid siad cuid agaibh chun bháis.
agus do líonadh iad go léir de’n Spioraid Naomh agus chromadar ar labhairt i dteangthachaibh iolardha, fé mar a thug an Spioraid Naomh dóibh labhairt.
Agus bhí sé ag léiriú dhó ar cheart agus ar gheanmnaidheacht, agus ar an mbhreitheamhantas atá le teacht, agus tháinig critheagla ar Fhéilics agus dubhairt sé: Imthigh anois, ach nuair a bheid caoi agam cuirfead fios ort.
Ansan dubhairt Agrippa le Pól: Is bheag ná go n-áitígheann tú orm iompáil am Críostaíde.
Agus ní rabhdar ábhalta ar sheasamh i n-aghaidh na h-eagna agus i n-aghaidh na spioraide le n-a labhrad sé.