Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 18:7 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Agus an amhlaidh a dhéanfaidh Dia ríghneas agus gan ceart do chur i bhfeidhm d’á fhíoraonaibh féin, agus iad ag glaodhach air go ló agus d’oidhche?

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Agus nach dtabharfaidh Dia a gcearta dá dhaoine tofa, a bhíos ag glaoch air oíche agus lá? An mbeidh mórán moille air leo?

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus nach ndéanfaidh Dia ceart dá fhíréin féin a bhíos ag scairtigh air lá agus oidhche, agus an mbéidh foighid aige ina gcás?

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Agus an amhlaidh nach n‐agarfaidh Dia cruadh‐chás a mhuinntire toghtha féin bhíos ag glaodhach air de ló agus d’oidhche?

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

A né nach déana Diá dioghaltas ar son a dháoine toghtha féin, éimhgheas air do lá agus doidhche, ge atá foighid aige na ttimcheall?

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Agus an ea nach ndéanfaidh Dia ceart dá mhuintir thofa féin a bhíonn ag éamh air de lá is dʼoíche, agus eisean ag déanamh foighne ina gcás?

Féach an chaibidil

An Bíobla Naofa 1981

Agus an ea nach ndéanfaidh Dia ceart dá mhuintir thofa féin a bhíonn ag éamh air de lá is d'oíche, agus eisean ag déanamh foighne ina gcás?

Féach an chaibidil



Lúcás 18:7
31 Tagairtí Cros  

Agus mura gciorruightí na laethanta san ní bheadh dul as ag feóil ar bith; Ach ciorrófar na laethanta san ar son na bhfíoraon.


Mar, eireóchaid Críostana fallsa agus fáidhí fallsa, agus tabharfaid siad cómharthaí móra uatha agus iongnaí, i dtreó go seólfaí amú’ na fíoraoin féin (dá mb’ fhéidir é).


Má’s eól, d’á bhrígh sin, daoibh-se atá go h-olc, conus neithe fóghanta thabhairt d’bhúr gclainn, nách dóichíghe gó mór go dtabharfaidh bhúr n-Athair atá ins na flathais neithe fóghanta dhaoibh-se ach iad d’iarraidh air?


Ar an adhbhar san, má’s eól daoibh-se, atá go h-olc, neithe fóghanta thabhairt d’bhúr gclainn, nách mó ’ná san go mór a thabharfaidh bhúr n-Athair ó neamh an Spioraid mhaith do’n mhuintir a dh’iarrfaidh air é?


Agus bhí sí sin ’n-a baintrigh go dtí go raibh sí ceithre bliana agus cheithre fichid, agus ní fhaghadh sí an teampal, ach ag déanamh trosgaidh agus úrnuighthe i n-onóir do Dhia do ló agus d’oidhche.


Nuair a bheidh na neithe seo ag tusnú, ámhthach, déinidh-se féachaint suas agus bhúr gcinn do thógáilt, mar tá bhúr bhfuasgailt buailte libh.