Ach má’s le Spioraid Dé a chuirim-se na deamhain amach, siné rígheacht Dé tagaithe i nbhúr measg.
Lúcás 17:21 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Na ní déarfar, Féach anso é, ná Féach ansúd é. Óir, féach, tá rígheacht Dé i nbhúr measg. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) agus ní bheifear á rá, ‘Féach, seo anseo í!’ nó ‘Siúd thall í!’ Mar féachaigí, tá ríocht Dé ann cheana in bhur gceartlár.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Ná ní abróchaidh siad: Féach, seo í, nó: Féach, siúd í. Óir féach, tá ríoghacht Dé i bhur measc. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) agus ní abróchar, Féach annso í! nó, Féach annsúd í! óir, féach, is istigh ionnaibh atá ríoghacht Dé. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ní aibheóruid síad, Féuch ann so! nó, féuch ann súd! oír, féuch, atá ríoghachd Dé aguibh an bhur measg. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 ná ní hamhlaidh a déarfar: ‘Féach, tá sí anseo’; nó: ‘Tá sí ansiúd'; óir bíodh a fhios agaibh go bhfuil ríocht Dé in bhur lár.” An Bíobla Naofa 1981 ná ní amhlaidh a déarfar: ‘Féach, tá sí anseo’; nó: ‘Tá sí ansiúd’; óir bíodh a fhios agaibh go bhfuil ríocht Dé in bhur lár.” |
Ach má’s le Spioraid Dé a chuirim-se na deamhain amach, siné rígheacht Dé tagaithe i nbhúr measg.
Agus anois má deir aoinne libh, Féac, tá Críost anso; féac, tá sé ansúd: ná creididh.
Agus déarfaid siad libh, Féac anso é, agus, Féach ansúd é. Ná téighidh ann, agus ná leanaidh iad.
Agus dubhairt sé: Seachnaidh agus ná mealltar sibh; óir tiocfaidh a lán am’ ainim-se agus déarfaid siad: Is mise é, agus tá an t-am i bhfogus: ach ná leanaidh iad.
D’fhreagair Eóin iad agus dubhairt sé leó: Deinim-se baisteadh i n-uisge, ach tá ’n-a sheasamh i nbhúr measg duine nách aithin daoibh-se.
D’fhreagair Íosa: Ní bhaineann mo rígheacht-sa leis an saoghal so. Dá mbaineadh mo rígheacht leis an saoghal so ní baoghal ná go dtroidfeadh mo mhuintir ionus ná tabharfaí suas do sna Iúdaigh mé: ach anois ní h-as so atá mo rígheacht-sa.