Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 17:21 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

21 agus ní abróchar, Féach annso í! nó, Féach annsúd í! óir, féach, is istigh ionnaibh atá ríoghacht Dé.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

21 agus ní bheifear á rá, ‘Féach, seo anseo í!’ nó ‘Siúd thall í!’ Mar féachaigí, tá ríocht Dé ann cheana in bhur gceartlár.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

21 Ná ní abróchaidh siad: Féach, seo í, nó: Féach, siúd í. Óir féach, tá ríoghacht Dé i bhur measc.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

21 Agus ní aibheóruid síad, Féuch ann so! nó, féuch ann súd! oír, féuch, atá ríoghachd Dé aguibh an bhur measg.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

21 Na ní déarfar, Féach anso é, ná Féach ansúd é. Óir, féach, tá rígheacht Dé i nbhúr measg.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

21 ná ní hamhlaidh a déarfar: ‘Féach, tá sí anseo’; nó: ‘Tá sí ansiúd'; óir bíodh a fhios agaibh go bhfuil ríocht Dé in bhur lár.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

21 ná ní amhlaidh a déarfar: ‘Féach, tá sí anseo’; nó: ‘Tá sí ansiúd’; óir bíodh a fhios agaibh go bhfuil ríocht Dé in bhur lár.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 17:21
10 Tagairtí Cros  

Acht má’s le Spiorad Dé chaithim‐se na deamhain amach, is léir go bhfuil ríoghacht Dé tagtha chugaibh.


Agus annsin má adeir aoinneach libh, Féach, atá Críost annso; nó, Féach, atá sé annsúd; ná creididh é:


Agus adéarfaidh siad libh, Féach annsúd í! agus, Féach annso í! ná h‐imthighidh g‐á leanamhain:


Agus adubhairt sé, Tabhraidh aire nach meallfar sibh: óir tiocfaidh mórán daoine im’ ainm‐se, g‐á rádh, Is mise é; agus, Atá an t‐am druidthe linn: ná leanaidh iadh‐san.


D’fhreagair Eoin dóibh, g‐á rádh, Do‐ghním‐se baisteadh i n‐uisce: acht atá ’n‐a sheasamh ’n‐bhúr measc duine nach aithnid daoibh,


D’fhreagair Íosa, Ní de’n tsaoghal so mo ríoghacht: dá mba de’n tsaoghal so mo ríoghacht do throidfeadh mo mhuinntear, chum nach dtiubharthaí mé ar láimh do na h‐Iúdachaibh: acht anois ní h‐as so dom’ ríoghacht‐sa.


óir ní biadh agus ól ríoghacht Dé, acht fíréantacht, agus síothcháin, agus áthas san Spiorad Naomh.


d’ár thoiligh Dia a chur i bhfios créad é saidhbhreas glóire na rúindiamhaire seo i measc na gCineadhach, is é sin Críost ionnaibh, an dóchas chum glóire.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí