Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 16:19 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Bhí duine saidhbhir ann agus é i n-éadach chorcra agus i lín-éadach mhín agus é ag caitheamh bídh bhuacaigh gach lá.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

“Bhí fear saibhir ann, a mbíodh éadaí de chorcra agus de chaol-línéadach air, agus féasta costasach aige gach aon lá.

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Bhí duine saidhbhir áirithe ann, agus é gléasta i n-éadach chorcra agus i línéadach mhín, agus théigheadh sé chun bídh go sóghamhail gach lá.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Agus do bhí fear saidhbhir ann, ar a mbíodh éadach corcra agus línéadach mín, agus é ag déanamh fleidhe le sáimhe gach lá:

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Achd do bhí duine saidhbhir áirgighe ann, agus is é bá héadach dhó purpuir agus sioda, agus do théigheaddh sé chum bídh go roshóghamhuil gach laói:

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

“Bhí fear saibhir ann a mbíodh corcra agus sról rómhín mar éadach air, agus é go taibhseach gach lá ag bord aoibhinn.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naofa 1981

“Bhí fear saibhir ann a mbíodh corcra agus sról rómhín mar éadach air, agus é go taibhseach gach lá ag bord aoibhinn.

Féach an chaibidil



Lúcás 16:19
23 Tagairtí Cros  

Agus chuireadar brat corcra uime agus d’fhígheadar coróinn dheilgneach, agus chuireadar ar a cheann í;


Agus nuair a bhí an magadh déanta acu faoi do bhaineadar de an brat corcra, agus chuireadar a chuid éadaigh féin airís uime, agus do rugadar leó é chun é céasad.


Agus tar éis beagán laethanta do bhailigh an mac ab óige chuige a chuid go léir, agus d’imthigh sé go dúthaigh iasachta abhfad ó bhaile, agus do sgaip sé a chuid le baois agus le rabairne.


Ansan dubhairt sé le n-a dheisgiobuil: Bhí duine saidhbhir ann agus bhí stíbhard aige, agus do h-innseadh do, ’n-a thaobh, go raibh sé ag sgaipeadh a choda.


Gach aoinne a chuireann uaidh a bhean agus do phósann bean eile, deineann sé adhaltranas; agus an t-é a phósann an bhean a cuireadh ó n-a fear, deineann sé adhaltranas.


Agus bhí lasmuigh d’á dhorus sínte, bochtán dár bh’ainim Lasarus, agus é lán d’othrasaibh;