Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 12:3 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Óir na neithe a dubhrabhair sa doircheacht déarfar sa tsolus iad; agus an rud a dúbhrabhair i gcogar, i seómra, craobhsgaoilfar é ó bharaíbh na dtighthe.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Cluinfear sa solas a ndúirt sibh sa dorchadas, agus fógrófar os ard i mullach tithe ar labhair sibh i gcogar i seomraí faoi rún.

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Óir na neithe a dubhairt sibh san dorchadas, déarfar san tsolus iad, agus an rud a labhair sibh i gcogar ins na seomraí, dhéanfar é a chraobhscaoileadh ar mhullaigh na dtighthe.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

D’á bhrigh sin, cibé nidh adubhrabhar sa dorchacht, do‐chluinfear é sa tsolas; agus na neithe adubhrabhar i gcluais sa tseomra istigh, craobhscaoilfear iad ó bhárraibh na dtighthe.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Ar a nadhbharsin gidh bé neithe do labhrabhair an dorchadas cluinfidhthear iád satsolus; agus gidh bé ní do labhrabhair a gcluáis a seómruidhibh uaígneacha do dhéantar a ghairm ós na tighthibh.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Agus dá bhrí sin, cibé nithe a dúirt sibh sa dorchadas, cluinfear i solas an lae iad, agus an cogar i gcluas a labhair sibh sna seomraí cúil, fógrófar é ó bharr na dtithe.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naofa 1981

Agus dá bhrí sin, cibé nithe a dúirt sibh sa dorchadas, cluinfear i solas an lae iad, agus an cogar i gcluais a labhair sibh sna seomraí cúil, fógrófar é ó bharr na dtithe.

Féach an chaibidil



Lúcás 12:3
7 Tagairtí Cros  

An rud adeirim libh sa doircheacht abraidh sa tsolus é; agus an rud a dh’airigheann sibh [mar chogar] sa chluais deinidh é chraobhsgaoileadh ar bharraíbh na dtighthe.


Agus deirim libh, an uile fhocal díomhaoin d’á labhraid daoine, go dtabharfaid siad cúntas ann lá an bhreitheamhantais.


Agus an duine ar bhuaic an tighe, ná téigheadh sé síos chun aon rud a bhreith as a thigh leis;