Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 24:17 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

17 Agus an duine ar bhuaic an tighe, ná téigheadh sé síos chun aon rud a bhreith as a thigh leis;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

17 an té a bhíos i mullach tí ná téadh sé síos lena bhfuil ina theach a thabhairt leis;

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

17 Agus an té atá ar mhullach an tighe, ná taradh sé anuas le rud ar bith a thabhairt leis as an tigh:

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

17 an té atá ar mhullach an tighe, ná tigeadh sé anuas leis na neithe atá ’n‐a thigh do bhreith leis;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

17 An té a tá ar mhullach an tighe na tigheadh sé a núas do bhreith neithe ar bith leis as a thigh:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

17 an té a bheidh ar bharr an tí, ná téadh sé síos isteach chun a chuid a bhreith leis,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

17 an té a bheidh ar bharr an tí, ná téadh sé síos isteach chun a chuid a bhreith leis,

Féach an chaibidil Cóip




Matha 24:17
14 Tagairtí Cros  

An rud adeirim libh sa doircheacht abraidh sa tsolus é; agus an rud a dh’airigheann sibh [mar chogar] sa chluais deinidh é chraobhsgaoileadh ar bharraíbh na dtighthe.


Ansan an mhuintir atá i n-Iúdéa teithidís chun na gcnoc;


Agus an duine sa pháirc ná filleadh sé a d’iarraidh a bhrait.


D’á bhrígh sin deirim libh, ná bíodh buairt oraibh i dtaobh bhúr mbeatha, féachaint cad d’íosfaidh sibh; ná i dtaobh bhúr gcuirp, féachaint cad a chuirfidh sibh umaibh. Nách mó le rádh an t-anam ’ná an biadh, agus an corp ’ná an t-éadach?


Óir na neithe a dubhrabhair sa doircheacht déarfar sa tsolus iad; agus an rud a dúbhrabhair i gcogar, i seómra, craobhsgaoilfar é ó bharaíbh na dtighthe.


Agus do theip ortha aon tslígh fhagháil chun é bhreith isteach, mar gheall ar an mbrúth daoine, agus chuadar anáirde ar an dtigh agus do leigeadar síos tríd an slínn é féin agus an tocht, i bhfiadhnuise Íosa.


Amáireach a bhí chúghainn, agus iadsan ag cur na slíghe dhíobh agus ag teacht chun na catharach, tuairim an sémhadh tráth, chuaidh Peadar suas i n-uachtar an tighe chun úrnuighthe dhéanamh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí