Ná dearbhuigh dar do cheann féin mar ní’l ar do chumas ruibe ann a dhéanamh geal ná dubh.
Lúcás 12:25 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Cé’cu agaibh-se d’fhéadfadh, le neart machtnaimh air, aon bhanlá amháin do chur le n’aoirde féin? An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus cé agaibh a chuirfeas aon bhanlámh le fad a bheatha le tréan imní? Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus cé agaibh, le meabhrughadh, a dtig leis aon bhannlámh amháin a chur le n-a áirde? Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus ciaca dhíbh‐se d’fhéadfadh, dá mhéid a imnidhe, bannlámh do chur le n‐a aoirde? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Achd ciá agaibhsi lé na iomad curium fhéadas áon bhannlamh a mháin do chur air airde féin. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Cé agaibh a dʼfhéadfadh, trí bheith ag déanamh imní aon bhan-lámh amháin a chur le fad a shaoil? An Bíobla Naofa 1981 Cé agaibh a d'fhéadfadh, trí bheith ag déanamh imní aon bhanlámh amháin a chur le fad a shaoil? |
Ná dearbhuigh dar do cheann féin mar ní’l ar do chumas ruibe ann a dhéanamh geal ná dubh.
Cé’cu agaib-se, ag machtnamh dó air, d’fhéadfadh aon bhanlámha amháin do chur le n-a aoirde?
Agus mura féidir daoibh an rud is suaraighe dhéanamh, cad chuige dhaoibh bheith ag ceisneamh i dtaobh aon nídh eile.
Agus bhí sé a d’iarraidh Íosa dh’fheisgint, eadhon, Cé’r bh’é, agus do theip sé air mar gheall ar an sluagh, mar firín íseal ab eadh é.