Gach duine, d’á bhrígh sin, a dh’admhóchaidh mise os cómhair daoine, admhóchad-sa eisean os cómhair m’Athar atá ins na flathais.
Lúcás 11:2 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhairt sé: Nuair a bheidh sibh chun úrnuighthe déanamh abraidh: Ár n-Athair atá ar neamh, go naomhthar t’ainim, go dtagaidh do rígheacht, go ndeintear do thoil ar an dtalamh mar a deintear ar neamh. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus dúirt sé leo, “Nuair a dhéanann sibh urnaí, abraigí: A Athair, go naofar dʼainm, go dtaga do ríocht. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus dubhairt sé leo: Nuair a ghní sibh urnaighe, abraigidh: A Athair, go naomhthar d’ainm. Go dtigidh do ríoghacht. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus adubhairt sé leo, Nuair do‐ghní sibh urnaighe, abraidh, A Athair, Go naomhthar t’ainm. Go dtigidh do ríoghacht. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt seision ríu, A núair do dhéantáoi urnuighe, abraidh, Ar nathair atá ar neamh, naomhthar hainin. Tigeadh do rioghachd. Déantar do thoil, ar an talamh, mar atá ar neamh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dúirt sé leo: “Nuair a ghuíonn sibh, abraigí: A Athair, go naofar dʼainm; go dtaga do ríocht; An Bíobla Naofa 1981 Dúirt sé leo: “Nuair a ghuíonn sibh, abraigí: A Athair, go naofar d'ainm; go dtaga do ríocht; |
Gach duine, d’á bhrígh sin, a dh’admhóchaidh mise os cómhair daoine, admhóchad-sa eisean os cómhair m’Athar atá ins na flathais.
Lasadh bhur solus-sa ar an gcuma san os cómhair daoine, i dtreó go bhfeicfid siad bhúr ngníomhartha fóghanta agus go molfaid siad bhúr n-Athair atá ins na flathais.
Agus do tharla, agus é i n-áit áirithe ag déanamh úrnuighthe, go ndubhairt duine dh’á dheisgiobuil leis nuair a stad sé: A Thighearna, teagaisg dúinn conus úrnuighthe déanamh fé mar a theagaisg Eóin d’á dheisgiobuil.