Fé mar a labhair sé le n-ár n-aithreachaibh le h-Ábraham agus le n-a shliocht go deó.
Lúcás 1:56 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus d’fhan Muire ’n-a fochair-sin tímpal trí mhí, agus ansan tháinig sí chun a tighe féin. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus dʼfhan Muire tuairim agus trí mhí aici, agus dʼfhill sí ansin abhaile. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus d’fhan Muire aice tuairim ar thrí mhí, agus phill sí chun a tighe féin. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus d’fhan Muire ’n‐a fochair timcheall trí mí, agus d’fhill sí chum a tighe féin. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do fhan Muire na fochair timcheall thrí míos, agus do fhill sí dhá tigh féin. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dʼfhan Muire aici timpeall trí mhí, agus dʼfhill abhaile. An Bíobla Naofa 1981 D'fhan Muire aici timpeall trí mhí, agus d'fhill abhaile. |
Fé mar a labhair sé le n-ár n-aithreachaibh le h-Ábraham agus le n-a shliocht go deó.