Agus a dubhairt Iosua, Cred as ar bhuáidhir tusa sinne? buáidheoruidh an TIGHEARNA thusa a niugh. Agus do chlochadar Israel uile lé clochuibh é, agus loisgeadar íad lé teine, tar éis a cclochadh lé clochuibh.
“Cad ina thaobh,” arsa Iósua, “gur thug tú mí-ádh sa mhullach orainn? Go dtuga an Tiarna mí-ádh sa mhullach ort féin inniu!” Agus ghabh Iosrael go léir air de chlocha; loisceadar le tine iad agus ghabhadar de chlocha orthu.
Agus a dubhairt Iácob ré Símeon, agus ré Lébhi, Do chuireabhair buáidhreadh orum, mo dhéanamh bréun a measg aitreabhadh na tíre, a measg na Ccanaaniteach, agus a measc na Bperisiteach: agus gan mé ach beagán a nuimhir, cruinneochuid íad féin uile am aghuidh, agus muirfid mé; agus sgriosfuigher mé féin agus mo thigh.
Agus táinic a steach na ccion thrí míosa na dhiáigh sin, gur hinniseadh do Iudah ag radh, Do rinne hinghean Támar meirdreachus: agus feúch fós atá sí torrach o stríopachus: agus a dubhairt Iudah, Tugthar amach í, agus a loiscthear í.
¶ Agus má bheir fear bean agus a mathair, is peacadh gráineamhuil sin: loiscfíghear a tteinidh íad a ráon, eision agus íadsan; ionnus nach mbiáidh peacadh bhur measg.
Déara tú a rís, re cloinn Israel, Giodh bé ar bith do chloinn Israel, no do choimhidheachuibh chomhnuigheas a Nísrael, bhéurus éanni dá shíol do Mhólech; go deimhín báiseochthair é: chlochfuíd muinntir na tíre lé clochuibh é.
Tabhair amach an té do rinne an mallughadh táohh amach do nfosluingphurt; agus leagdáois an mhéid do chualaídh é a lámha ar a chíonn, agus clochadh an comhchruinniughadh uile é.
Agus clochfa tú lé clochuibh é, ionnus go néugfa sé; do chionn gur thairg sé do thiomáin ón TTIGHEARNA do Dhía, noch thug amach thú as crích na Hegipte, as tigh na daoirsi.
Ann sin do bhéara tú an fearsin amach nó an bheansin, noch do rinne an droichní sin, go nuige do dhoirsi, an fear nó an bhean chéadnasin, agus clochfa tú lé clochuibh íad, no go néaguid.
Agus clochfuid lúchd a chaithreach uile é lé clochuibh, nó go raibh marbh: mar sin chuirfeas tú an tolc ar gcúl uáit; agus cluinfidh Israel uile sin, agus biáidh eagla orra.
Tabhruidh aire ribh fá gan áoinneach aguibh do chláonadh ó ghrás Dé; fá gan fréumh shearbhuis ar bith do fhás súas dá bhur mbuáidhreadh, trés a ndéuntaói morán neamhghlan;
Agus ar gach uile chorr coimhéadnighsi sibh féin ar éainni móidighthe, deagla go ndeanadh sibh sibh féin malluigh, a nuáir ghlacfuidhe an ní malluigh, agus go ndéanadh sibh mallughadh do champa Israel, agus go mbúaidheorthaoi é.
Agus is eadh bhias de, an té ar a mbéarthar leis an ní móidighthe loisgfighear lé teinidh é féin, agus a mbía aige uile; do bhrígh gur sháruigh sé cunradh an TIGHEARNA, agus do bhrígh gur oibrigh sé leimhe a Niosrael.
Ann sin a dubhairt Ionatan, Do bhuáidhir mathair an dúithche: féachuidh, mar athchuinghe oruibh, mar do shoillsigheadar mo shúilesi, do chionn gur bhláis mé don mhilse.