Agus do chúadar clann Israel a lár na fairge ar an ttalamh thirim: agus do bhádur na huisgidhe na mballa dhóibh ar a láimh dheis, agus ar a cclé.
Iósua 4:22 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Annsin do bhéarthaoi a fhios dhá bhur ccloinn, ghá rádh, Tháinic Israel a nall tar an Iordanso ar thalamh tirim. An Bíobla Naofa 1981 mar thriomaigh an Tiarna bhur nDia uiscí na Iordáine romhaibh, nó go raibh sibh gafa thairsti, mar a rinne an Tiarna bhur nDia le Muir na nGiolcach a thriomaigh sé romhainn nó go rabhamar gafa thairsti, |
Agus do chúadar clann Israel a lár na fairge ar an ttalamh thirim: agus do bhádur na huisgidhe na mballa dhóibh ar a láimh dheis, agus ar a cclé.
Agus do imtheadar clann Israel ar talamh tirim a lár na fairge; agus do bhadur na huisgidhe na mballa dhóibh ar a láimh dheis, agus ar a cclé.
Oír do chuáidh each Pharao a steach gon a charbaduibh agus gon a mharcshluagh san bhfairge, agus túg an TIGHEARNA uisgidhe na fairge a rís orra; ach do imthigh clann Israel ar talamh tirim a meadhon na fairge.
Nach tusa sin do thiormuigh a nfairge, uisgeadha a naigéin mhóir; noch do rinne slighe do dhoimhne na fáirge go ttiucfaidís na daóine do fúascladh thairis?
Gur sheasadar na huisgidhe tháinic a núas ó náit shúas agus gur éirigh súas na chárn go ro fhada ón chathruigh Adam, atá ré táobh Sarétan: ach gur fhailligheadar íad sin tháinic a núas leath ré fairge an réitigh, a nfairge shaillte, agus gur gearradh amach íad: agus go ndeachadar an pobal a nonn go díreach as coinne Iericho.
Agus gur sheasadar na sagairt do iomchuir aírc chunartha an TIGHEARNA daingean ar talamh tirim a lár Iordan, agus go ndeachadar clanna Israel uile thairis air talumh tirim, nó go ndeachadar an pobal uile go hiomlán tar Iordan.
Agus dó labhair sé ré cloinn Israel, ghá rádh, A núair fhiafrochuid bhur gclann dá naithribh san naimsir atá teachd, ghá rádh, Cread is cíall do na clochuibhsi?
Agus do dhóirt an seiseadh aingeal a shoitheach sa nabhuinn mhóir Euphrátes; agus do thiormuigh a huisge, ionnus go mbíadh an tslighe réidh ag ríoghuibh na háirde shoir.