Is íad so chuáidh tar Iordan anonn san chéid mhí, a núair do chúaidh a thuile tar a bhrúachaibh uile; agus do chuireadar chum teithmhe muinntir na ngleann uile, aráon don noirthear, agus don níarthar.
Iósua 4:18 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus tárla, a núair thangadar na sagairt súas noch diomchuir aírc chunnartha an TIGHEARNA as lár Iordan, agus ar éirgheadar buinn cos na sagart súas ar talamh thirim, gur fhilleadar uisgidhe Iordan ann a náit féin, agus gur thuiligheadar tar a brúachuibh uile, mar do rinneadar roimhe. An Bíobla Naofa 1981 Agus nuair a tháinig na sagairt a bhí ag iompar áirc chonradh an Tiarna aníos as an Iordáin, a luaithe a leagadh boinn chosa na sagart ar an talamh tirim, d'fhill uiscí na Iordáine ar a leaba agus shníodar ar aghaidh mar a dhéanaidís riamh. 18b Tháinig an pobal aníos as an Iordáin ar an deichiú lá den chéad mhí agus shuíodar a gcampa ag Gilgeál lastoir de Ireachó. |
Is íad so chuáidh tar Iordan anonn san chéid mhí, a núair do chúaidh a thuile tar a bhrúachaibh uile; agus do chuireadar chum teithmhe muinntir na ngleann uile, aráon don noirthear, agus don níarthar.
Agus rachaidh sé thríd Iúdah; tuileochaidh sé agus rachaidh thairis, roichfidh sé go nuige an muinéul; agus líonfuidh leathnughadh a sciathán amach leithead do dhúithchesi, ó Immanuel.
Agus tiocfaidh a ccrích ar ball, a ccuirfid na sagairt iomchras aírc an TIGHEARNA, Tighearna na talmhan uile, boinn a ccos a nuisgidhibh Iordan, go ngearrfuighear uisgidhe Iordan ó na huisgidhibh thig a núas as a náit shúas; agus seasfuid na gcarn ar á chéile.
Agus ar tteachd don luchd do iomchuir a náirc go Iordan, agus ar ttumadh cos na sagart do iomchuir an náirc a mbrúach a nuisge, (óir tulighidh Iordán a bhruacha uile feadh aimsire an fhoghmhair,)
Agus tárla, a núair do chúadar cách uíle go hiomlán a nonn, go ndeachuidh airc an TIGHEARNA thairis, agus na sagairt, a bhfiaghnuisi an phobuil.
¶ Agus tangadar an pobal súas as Iordan an deachmhadh lá don chédmhí, agus do rinneadar foslungphort ann Gilgal, ansa nimeal shoir do Iericho.