Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Iósua 18:7 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Ach ni bhfuil roinn ag na Lebhítibh eadruibh; óir sí sagartachd an TIGHEARNA a noighreachdsan: agus fuáir Gad, agus Réuben, agus leiththreabh Mhanasseh, a noighreachd táobh thall do Iordan don taóibh shoir, noch thug Maóise óglach an TIGHEARNA dhóibh.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naofa 1981

Níl aon chuid ag na Léivítigh in bhur measc; sagartacht an Tiarna a gcuid. Tá a n‑oidhreacht faighte ag Gád, ag Reúbaen, agus ag leaththreibh Mhanaise thoir lastall den Iordáin, faoi mar a thug Maois, óglach an Tiarna, dóibh.”

Féach an chaibidil



Iósua 18:7
11 Tagairtí Cros  

Agus do labhair an TIGHEARNA ré Háaron, Ní bhiáidh oighreachd agad iona ndúthaighsion, ni mó bhías roinn ar bith agad na measg: is misi do chuidsi agus hoighreachd a measg chloinne Israel.


Achd na Lebhítigh dhéanas serbhís thabernacuil an chomhchruinnigh, agus iomchóruid síad á ccionta: budh statúid shíorruidhe sin a measg bhar ngeinealach, nach bhfuighid oighreachd air bith a measc chloinne Israel.


Ar á nadhbharsin coimhéudfa tusa agus do chlann maille riot oifig bhur sagartachda an gach éinni do naltóir, agus táobh a stigh don bhrat; agus do dhéantáoi serbhís: thug me bhur noifig shágartachda dháoibh mar sherbhís thiodhlaíchthe: agus an coimhidhtheach thiucfas a ngar cuirfighear chum báis é.


Is uime sin nach bhfuil roinn nó oighreachd a bhfochair a dhearbhráithreachd ag Lébhi; sé an TIGHEARNA as oighreachd dó, do réir mar do gheall an TIGHEARNA do Dhía dhó.


Do bhuáil Maóise óglach an TIGHEARNA agus clann Israel íadsin: agus thug Maóíse óglach an TIGHEARNA sin mar sheilbh do na Reubenítibh, agus do na Gadítibh, agus do leiththreabh Mhanasseh.


Acht do threibh Lebhi ni thug Máoise oighreachd air bith: Do be an TIGHEARNA Día Israel a noighreachdsan, mar a dubhairt sé riú.