Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 18:7 - An Bíobla Naofa 1981

7 Níl aon chuid ag na Léivítigh in bhur measc; sagartacht an Tiarna a gcuid. Tá a n‑oidhreacht faighte ag Gád, ag Reúbaen, agus ag leaththreibh Mhanaise thoir lastall den Iordáin, faoi mar a thug Maois, óglach an Tiarna, dóibh.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Ach ni bhfuil roinn ag na Lebhítibh eadruibh; óir sí sagartachd an TIGHEARNA a noighreachdsan: agus fuáir Gad, agus Réuben, agus leiththreabh Mhanasseh, a noighreachd táobh thall do Iordan don taóibh shoir, noch thug Maóise óglach an TIGHEARNA dhóibh.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 18:7
11 Tagairtí Cros  

Dúirt an Tiarna le hÁrón: “Ní bheidh aon oidhreacht agat ina bhfearann, ná ní bheidh seilbh agat ar aon chuid de ina measc. Mise do chuid ranna agus d'oidhreacht i measc chlann Iosrael.


Le Léiví a bhaineann seirbhís Bhoth na Teagmhála, agus iompróidh na Léivítigh ualach a bpeaca. Seo reacht síoraí do bhur sliocht go léir: Ná bíodh aon oidhreacht ag na Léivítigh i measc chlann Iosrael.


Gabhsa agus do chlann mhac mar aon leat na dualgais sagairt a bhaineann leis an altóir agus lena bhfuil laistigh den fhial oraibh féin. Ceiliúrfaidh sibh an liotúirge; cuirim a dhualgais ar bhur sagartacht. Ach aon duine eile gan údarás a thiocfaidh i ngar, cuirfear chun báis é.”


Tá Léiví dá bhrí sin gan páirt na oidhreacht lena bhráithre; an Tiarna a oidhreacht, faoi mar a gheall an Tiarna do Dhia dó.)


Chloígh Maois óglach an Tiarna agus clann Iosrael iadsan; agus thug Maois óglach an Tiarna a dtailte ina seilbh do na Reúbaenaigh agus do na Gádaigh, agus do leath-threibh Mhanaise.


Do threibh Léiví amháin níor thug Maois aon oidhreacht; an Tiarna, Dia Iosrael, a n‑oidhreacht faoi mar a dúirt sé leo.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí