Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 12:6 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Do bhuáil Maóise óglach an TIGHEARNA agus clann Israel íadsin: agus thug Maóíse óglach an TIGHEARNA sin mar sheilbh do na Reubenítibh, agus do na Gadítibh, agus do leiththreabh Mhanasseh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

6 Chloígh Maois óglach an Tiarna agus clann Iosrael iadsan; agus thug Maois óglach an Tiarna a dtailte ina seilbh do na Reúbaenaigh agus do na Gádaigh, agus do leath-threibh Mhanaise.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 12:6
11 Tagairtí Cros  

Geber mhac Uri do bhí a ttír Ghílead, a ttír Shihon rígh na Namoriteach, agus Og rígh Básan; agus dob eision amhaín oifigeach na tíre uile.


Agus a dubhairt Maóise riú, Má thiagaid clann Ghad agus clann Réuben libh tar Iordan, gach éanduine armtha chum catha, a lathair an TIGHEARNA, agus go ccloidhfighear an tír romhuibh; annsin do bheartháói tír Ghilead dhoibh mar sheilbh:


Racham thairís anonn armtha roimhe an TTIGHEARNA go tír Chanaáin, chor go madh linn ar sealbh don táoibhsi do Iordan.


Agus thug Maóise dhóibh, eádhon do chloinn Ghad, agus do chloinn Réuben, agus do leath threibhe Mhanasseh mhic Ioseph, rioghachd Sihon rígh na Namoríteach, agus rioghachd Og righ Basan, an fearann gun a chaithreachaibh annsna foirimlibh, mar atáid caithreacha na tíre timchioll fá gcuáirt.


Oír thug Maóise oighreachd dhá threibhe agus leiththreibh uadh ar an ttáoibh oile do Iordan: achd do na Lebhítibh ní thug sé oighreachd na measg.


Ach ni bhfuil roinn ag na Lebhítibh eadruibh; óir sí sagartachd an TIGHEARNA a noighreachdsan: agus fuáir Gad, agus Réuben, agus leiththreabh Mhanasseh, a noighreachd táobh thall do Iordan don taóibh shoir, noch thug Maóise óglach an TIGHEARNA dhóibh.


Agus a nois thug bhur TTIGHEARNA Día socamhal dá bhur ndearbhráithribh, mar do gheall sé dhóibh: annois ar a nadhbharsin fillidhsi, agus éirgidhe dá bhur ttighthibh, agus go fearann bhur sealbha, noch thug Maóise óglach an TIGHEARNA dhaóibh don taóibh oile do Iordan.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí