Sea go deimhin, agus an rud nár iarr tú, bronnfaidh mé ort chomh maith é: saibhreas agus glóir, nach raibh a leithéid ag aon rí eile riamh (i gcaitheamh do shaoil).
Seanfhocal 3:16 - An Bíobla Naofa 1981 Ina deasláimh tá fad saoil, agus ina ciotóg maoin agus saibhreas. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Atáid fad láethe ann a deasláimh; agus ann a láimh chlé saidhbhrios agus onóir. |
Sea go deimhin, agus an rud nár iarr tú, bronnfaidh mé ort chomh maith é: saibhreas agus glóir, nach raibh a leithéid ag aon rí eile riamh (i gcaitheamh do shaoil).
An féidir duit a bheith ag brath air go bhfillfidh sé, Agus do ghrán a thabhairt chun d'urlár buailte?
Beidh maoin is maitheas ina theaghlach; mairfidh a fhíréantacht go brách is choíche.
Tháinig tú ina airicis le beannachtaí búidhe, agus chuir tú coróin de ghlanór ar a cheann.
Ná caith uait mé i ndeireadh m'aoise; ná fág mé liom féin nuair a mheathfaidh mo bhrí orm.
Sé luach saothair na humhlaíochta agus eagla an Tiarna ná saibhreas, onóir agus fad saoil.
Cuirfear breis le líon do laethanta tríomsa, agus cuirfear blianta le fad do shaoil.
nach bhfaighidh níos mó faoi chéad san aimsir seo anois, tithe agus deartháireacha agus deirfiúracha agus máithreacha agus clann agus tailte, fara géarleanúintí, agus an bheatha shíoraí sa saol atá le teacht.
Tá ainm an bhróin orainn agus sinn i gcónaí lúcháireach; tá ainm an bhochtanais orainn agus sinn ag saibhriú na sluaite; tá ainm an dealúis orainn agus an uile ní inár seilbh againn.
Is beag an tairbhe an aclaíocht choirp, ach is mór go deo an tairbhe an chráifeacht, mar go bhfuil tuar na beatha inti abhus agus thall.