Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Seanfhocal 20:2 - An Bíobla Naofa 1981

Is geall le glam leoin fearg rí, agus an té a ghriogann chun cuthaigh é, milleann sé a bheatha féin.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Bí eagla an rígh amhuil búirfeadhach leomhain: gidh bé bhrostuighios chum feirge é peacuigh sé a naghaidh a anma féin.

Féach an chaibidil



Seanfhocal 20:2
10 Tagairtí Cros  

Ansin mhionnaigh Solamh rí dar an Tiarna á rá: “Go ndéana Dia a leithéid siúd liom, agus a thuilleadh fós,” ar sé, “mura dtugann Adoiníá a anam in éiríc na bhfocal sin!


Dar an Tiarna beo, an té sin a chuir mé go daingean i ríchathaoir Dháiví m'athair, agus a thug ríshliocht [dó] mar a gheall sé, cuirfear Adoiníá chun báis inniu féin.”


Is geall le glam leoin fearg rí, ach le drúcht ar fhéar a ghnaoi.


Ach an té dhéanann díobháil domsa, leonann sé a anam féin; agus an mhuintir a thugann fuath domsa, tugann siad grá don bhás.”


Má bhladhmann fearg an rialtóra amach i do choinne, ná fág do phost; óir coisceann an cheansacht coireanna móra.


Gluaisfidh siad i ndiaidh an Tiarna. Búirfidh seisean mar leon, agus nuair a bhúirfidh, rithfidh a chlann mhac chuige ón iarthar agus a gcroí ag preabadh.


Bhúir an leon; cé air nach mbeidh eagla? Labhraíonn an Tiarna Dia; cé a d'fhéadfadh gan tairngreacht a dhéanamh?


Tá tú tar éis do theaghlach a náiriú; nuair a bhasc tú mórán náisiún, is é d'anam féin a chaill tú.


óir tá túiseoirí seo na bpeacach coisricthe in éiric a n‑anamacha. Ós rud é gur ofráladar os comhair an Tiarna iad agus gur coisriceadh iad, déantar an miotal iontu a bhualadh amach ina bhileoga mar chumhdach don altóir. Beidh siad ansin ina sampla do chlann Iosrael.”