Seanfhocal 2:9 - An Bíobla Naofa 1981 Tuigfidh tú ansin an fhíréantacht agus an chóir, an ceart agus bealach na fíréantachta. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ann sin tuigfidh tú fíréantacht, agus breitheamhnus, agus comhthrom; fós, gach uile dheaghshlighe. |
Tabharfaidh mé teagasc agus múinfidh mé an tslí is triallta duit. Tabharfaidh mé comhairle agus eolas duit; coimeádfaidh mé súil ort.
Ní thuigeann na hurchóidigh cad is cóir ann, ach tuigeann lucht eagla an Tiarna gach ní.
Ag siúl duit ní chuirfear bac ar do choiscéimeanna; nuair a rithfidh tú ní bhainfear tuisle asat.
Tá bealach na bhfíréan mar an láchan, agus a solas ag dul i ngile go hard an lae.
Beidh bealach mór agus bóthar ansin a dtabharfar mar ainm air an Bealach Beannaithe; ní shiúlfaidh an neamhghlan an treo sin, ná ní bheidh lucht baoise ag fánaíocht ar a fhad.
Seo mar a deir an Tiarna, d'fhuascailteoir, Neach Naofa Iosrael: Is mise, an Tiarna do Dhia, a thugann teagasc do leasa duit, is mé a threoraíonn thú sa treo is dual duit.
Is mar seo a deir an Tiarna: “Seasaigí i mbealaí an tseansaoil cuirigí tuairisc na seanchasán cé acu ab ea an tslí mhaith? Siúlaigí inti ansin agus gheobhaidh sibh suaimhneas. Ach dúirt siadsan: ‘Ní shiúlfaimid inti.’
Dúirt Íosa leis: “Is mise an tslí, an fhírinne agus an bheatha. Ní thagann aon duine go dtí an tAthair ach tríomsa.