Agus fairis sin go dtuga sé eagna agus tuiscint duit, i dtreo, nuair a chuirfidh sé i bhfeighil Iosrael thú, go gcoimeádfaidh tú dlí an Tiarna do Dhia.
Seanfhocal 2:3 - An Bíobla Naofa 1981 Sea, má ghlaonn tú chugat an grinneolas, má scairteann tú ar an tuiscint, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Má éighionn tú fós a ndiáigh éoluis, agus go ttóigfe tú do ghuth súas chum na tuigsiona; |
Agus fairis sin go dtuga sé eagna agus tuiscint duit, i dtreo, nuair a chuirfidh sé i bhfeighil Iosrael thú, go gcoimeádfaidh tú dlí an Tiarna do Dhia.
Sa chaoi go dtugann tú cluas don eagna, agus go gclaonann tú do chroí chun na tuisceana,
Má lorgaíonn tú í mar a lorgófá airgead, má chuardaíonn tú í mar a chuardofá stór folaithe,
Bíodh aird agat air siúd cibé cúrsa ar a mbíonn tú, agus féachfaidh sé chuige go mbeidh do chosáin réidh.
Éistigí, a chlann mhac, le teagasc athar; tugaigí aird agus foghlaimigí céard í an tuiscint ghrinn.
Tugaim grá don mhuintir a thugann grá dom, agus an mhuintir a lorgaíonn mé, faigheann siad mé.
Dá bhrí sin, más eol daoibhse atá go holc nithe maithe a thabhairt do bhur gclann, nach móide go dtabharfaidh an tAthair ó neamh an Spiorad Naomh dóibh seo a iarrann air é?”
Má tá easpa eagna ar aon duine, iarradh sé ar Dhia í, Dia a thugann le féile do gach duine agus nach bhfuil ina dhiaidh orthu, agus tabharfar dó í.