“Imigh leat agus abair le mo sheirbhíseach Dáiví: ‘Seo mar a labhraíonn an Tiarna: An amhlaidh gur mian leat teach a thógáil dom ina ndéanfaidh mé cónaí?
Seanfhocal 16:1 - An Bíobla Naofa 1981 Déanann croí an duine an beartú; ach sé an Tiarna a thugann an freagra. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Is on TTIGHEARNA, thig ullmhughadh an chroidhe annsa duine, agus freagra na teangtha. |
“Imigh leat agus abair le mo sheirbhíseach Dáiví: ‘Seo mar a labhraíonn an Tiarna: An amhlaidh gur mian leat teach a thógáil dom ina ndéanfaidh mé cónaí?
Nuair a chonaic ceannairí na gcarbad Iahóiseáfát dúradar: “Sin é ar ndóigh, rí Iosrael,” agus d'iompaíodar air. Ach chuir Iahóiseáfát gáir suas, agus tháinig an Tiarna i gcabhair air agus chuir Dia iad dá n‑ionsaí air,
Moladh leis an Tiarna, Dia ár sinsear, a spreag croí an rí ar an gcuma sin chun Teampall an Tiarna in Iarúsailéim a mhóradh,
A Thiarna tabhair cluas d'urnaí do shearbhónta agus d'urnaí do shearbhóntaí gur gean leo urraim a thabhairt do d'ainm. Cuir an rath ar do shearbhónta inniu, agus deonaigh go mbeidh gnaoi an fhir seo air.” Ba chornaire ag an rí mé an uair úd.
Éistfidh tú, a Thiarna, le mianta na mbocht; daingneoidh tú a gcroí agus tabharfaidh tú cluas dóibh,
Labhróidh tusa leis agus cuirfidh tú na focail ina bhéal. Beidh mise mar thaca le do bhéalsa agus lena bhéalsan, agus múinfidh mé duit a bhfuil le déanamh agat.
Is iomaí beartas a bhíonn á dtaibhreamh do dhuine, ach is é aidhm an Tiarna a sheasfaidh buan.
Treoraíonn an Tiarna céimeanna an duine; conas más ea is féidir dó a bhealach a thuiscint?
Tá croí an rí i láimh an Tiarna mar shruthán uisce; iompaíonn sé é cibé treo is toil leis.
Is maith atá a fhios agat, a Thiarna, nach ann féin atá slí duine, ná ní sa duine a shiúlann atá díriú a choiscéimeanna.
Míle buíochas le Dia a chuir an díograis chéanna chun cabhraithe libh i gcroí Thíteas.
mar is é Dia atá ag spreagadh idir rún agus ghníomh ionaibh de réir a dhea-thola féin.