Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eaxodus 4:15 - An Bíobla Naofa 1981

15 Labhróidh tusa leis agus cuirfidh tú na focail ina bhéal. Beidh mise mar thaca le do bhéalsa agus lena bhéalsan, agus múinfidh mé duit a bhfuil le déanamh agat.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

15 Agus laibhéora tusa ris, agus cuirfe tú bríathra íona bhéul: agus biaidh misi maille red bhéulsa, agus le na bhéulsan, agus múinfe mé dháoibh cread do dhéantáoi:

Féach an chaibidil Cóip




Eaxodus 4:15
24 Tagairtí Cros  

téigh go dtí an rí agus abair a leithéid seo leis,” agus chuir Ióáb a raibh le rá aici ina béal.


Cé hé an fear lenarb eagal an Tiarna? Déanfaidh sé eolas na slí is tofa dó.


Múinfidh mé do shlite do lucht na hurchóide agus fillfidh na peacaigh ar ais chugat.


“Beidh mise leat,” ar sé, “agus beidh seo mar chomhartha agat air gur mise a sheol thú. Nuair a thabharfaidh tú mo phobal leat amach as an Éigipt, déanfaidh tú Dia a adhradh ar an gcnoc seo.”


Imigh anois mar sin; beidh mise mar thaca le do bhéal agus múinfidh mé duit a mbeidh le rá agat.”


Agus d'inis Maois d'Árón a ndúirt an Tiarna leis agus é a sheoladh uaidh agus na comharthaí go léir a d'ordaigh sé dó a dhéanamh.


Agus d'inis Árón a ndúirt an Tiarna le Maois agus rinne sé na comharthaí os comhair an phobail.


Chuir mé mo chuid focal i do bhéal, ar scáth mo láimhe chuir mé i bhfolach thú, nuair a spréigh mé amach na spéartha agus chuir mé bun faoin tálamh agus dúirt le Síón: “Is tú mo phobal.”


Maidir liom féin, is é seo mo chonradh leo, a deir an Tiarna: Mo spioradsa atá ag lonnú ort agus mo bhriathra atá curtha i do bhéal agam, ní imeoidh siad as do bhéal, ná as béal do shleachta, ná as béal shliocht do shleachta feasta go deo. Sin é a deir an Tiarna.


Ansin shín an Tiarna a lámh amach agus bhain le mo bhéal agus dúirt liom: “Féach, táim ag cur mo bhriathra i do bhéal. Ceapaim thú inniu os cionn ciníocha agus os cionn ríochtaí,


Ansin thóg Irimia scrolla eile agus thug do Bharúch mac Néiria, scríobhaí, é, agus scríobh seisean síos ansin as béal Irimia briathra uile an scrolla a dhóigh Iahóiácaím rí Iúdá, i dteannta mórán briathar eile ar an dul céanna.


Labhair Maois: “Leis seo,” ar sé, “beidh a fhios agaibh gur sheol an Tiarna féin mé chun na hoibreacha seo a dhéanamh, agus nach de mo rogha féin é:


D'fhreagair Balám Bálác: “Seo anseo anois agat mé! An bhfuil cead cainte ar bith agam leat anois? An focal a chuireann Dia i mo bhéal, sin é nach foláir dom a labhairt.”


D'fhreagair Balám: “Nach bhfuil sé de cheangal orm féachaint chuige a gcuireann an Tiarna i mo bhéal a labhairt?”


Tháinig Dia i gcoinne Bhalám agus chuir focal ina bhéal agus dúirt leis: “Ar ais leat go Bálác agus sin é a déarfaidh tú leis.”


Chuir an Tiarna ansin focal ina bhéal agus dúirt leis: “Ar ais leat go Bálác agus sin é a déarfaidh tú leis.”


ag múineadh dóibh gach ní atá ordaithe agam a choinneáil. Agus féach, táim in éineacht libh i gcónaí go dtí deireadh an tsaoil.”


óir tabharfaidh mise urlabhra daoibh agus eagna nach bhféadfaidh bhur gcúisitheoirí uile cur ina haghaidh ná a bhréagnú.


Is é fios a fuair mé féin ón Tiarna agus a thug mé daoibhse: mar atá, an oíche a bhí an Tiarna Íosa le tabhairt ar láimh, thóg sé arán


Ba mhaith liom a mheabhrú anois daoibh, a bhráithre, an dea-scéal úd a d'fhógair mé daoibh agus ar ghlac sibhse leis agus a bhfuil sibh suite go daingean de.


Ardóidh mé suas fáidh mar thusa dóibh, ó lár a mbráithre; cuirfidh mé mo bhriathra ina bhéal agus inseoidh sé dóibh gach a n‑ordaím dó.


Ach fansa anseo i do sheasamh taobh liom, agus inseoidh mé duit na haitheanta go léir agus na dlíthe agus na reachtanna go léir atá le teagasc agat dóibh, agus atá le comhlíonadh acu sa tír atá á thabhairt agam ina seilbh.’


Tabhair cuireadh chun na híobartha do Ieise, agus taispeánfaidh mise duit cad a bheidh le déanamh agat. An té a ainmneoidh mé duit, déanfaidh tú é a ungadh dom.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí