Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eaxodus 4:14 - An Bíobla Naofa 1981

14 Ansin las fearg an Tiarna in aghaidh Mhaois agus dúirt sé: “Nach bhfuil Árón an Léivíteach do dheartháir agat? Is eol dom é a bheith soilbhir. Tá sé chugat agus nuair a fheicfidh sé thú beidh áthas croí air.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

14 Agus do las fearg an TIGHEARNA re Máoisi, agus a dubhairt, Nach é Aáron an Lébhíteach do dhearbhrathair? atá a fhios agam go labhrann sé go maith. Agus mar an gcéadna, féuch, atá sé ag teachd amach do theagmháil riot: agus a nuair do chífe sé thú, biáidh lúthgháireach iona chróidhe.

Féach an chaibidil Cóip




Eaxodus 4:14
19 Tagairtí Cros  

D'adhain fearg an Tiarna in aghaidh Uzá agus bhuail Dia ar an toirt é mar gur bhain sé leis an áirc lena láimh, agus fuair sé bás ansiúd taobh le háirc an Tiarna.


Bhí fearg ar an Tiarna le Solamh de bhrí gur iompaigh sé a chroí ón Tiarna, Dia Iosrael, a thaispeáin é féin dó faoi dhó,


Ach bhí Dia míshásta leis an iompar seo agus bhuail sé Iosrael.


Chuir sé Maois, a sheirbhíseach, ag triall orthu, agus Árón, an duine a roghnaigh sé.


Ach dúirt seisean: “Seol duine éigin eile, le do thoil a Thiarna.”


Tóg an tslat seo i do láimh, agus leis an tslat seo a dhéanfaidh tú na comharthaí.”


Dúirt an Tiarna le hÁrón: “Imigh isteach san fhásach i gcoinne Mhaois.” Agus d'imigh sé agus bhuail leis ag sliabh Dé agus phóg é.


Dúradar: “An trí Mhaois amháin a labhair an Tiarna? Nár labhair sé trínne chomh maith?” Chuala an Tiarna é sin.


Tá beartaithe ag an Spiorad Naomh agus againn féin gan aon ualach breise a leagan oraibh ach an méid seo atá riachtanach:


mar sin féin ní raibh aon suaimhneas ar m'anam nuair nach bhfuair mé mo bhráthair Títeas ann romham. D'fhág mé slán acu dá bhrí sin agus d'imigh liom go dtí an Mhacadóin.


Mar is iad a gcúrsaí féin agus ní hiad cúrsaí Íosa Críost is cás leis an gcuid eile ar fad.


Ansin chuir mé uaim Maois agus Árón, gur chráigh mé an Éigipt leis na héachtaí a rinne mé ina measc; agus ina dhiaidh sin thug mé sibhse amach.


Nuair a tháinig Iacób isteach san Éigipt [agus go ndearna na hÉigiptigh leatrom orthu], ghlaoigh bhur sinsir ar an Tiarna agus sheol sé Maois agus Árón chucu. Thugadarsan bhur sinsir as an Éigipt amach agus chuireadar chun cónaithe san áit seo iad.


Tháinig giolla Dé go hÉilí agus dúirt leis: “Deir an Tiarna: ‘Nár nocht mé mé féin do theaghlach d'athar agus iad i ndaoirse ag muintir Fhorainn san Éigipt?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí