Thug fir Iúdá go léir freagra ar fhir Iosrael; “Mar gur gaire é gaol an rí linne. Cén fáth mar sin a bhfuil fearg oraibh ina thaobh seo? Ar chaitheamar bia ar chostas an rí? Ar thug sé bronntanas ar bith dúinn?”
Seanfhocal 15:1 - An Bíobla Naofa 1981 Cuireann freagra séimh an fhearg ar gcúl, ach músclaíonn briathra borba cuthach. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Iompoighidh freagra mhacánta fearg: acht brostuighid bríathra borba a nfearg. |
Thug fir Iúdá go léir freagra ar fhir Iosrael; “Mar gur gaire é gaol an rí linne. Cén fáth mar sin a bhfuil fearg oraibh ina thaobh seo? Ar chaitheamar bia ar chostas an rí? Ar thug sé bronntanas ar bith dúinn?”
Dúirt siad leis: “Déan freastal ar an bpobal seo inniu, agus bí mar a bheadh seirbhíseach acu, labhair go lách leo, agus beidh siad mar sheirbhísigh agat go deo.”
“Má bhíonn tú cneasta leis an bpobal seo,” ar siad, “agus má bhíonn tú lách leo, agus má bhíonn tú cóir leo, beidh siad mar sheirbhísigh agat go deo.”
Spreagann an santach achrainn; an té a bhfuil a mhuinín aige as an Tiarna, beidh an rath air.
Déanann scigirí cíor thuathail de chathracha, ach cuireann saoithe srian le fearg.