Seanfhocal 12:4 - An Bíobla Naofa 1981 Coróin a fir bean mhaith, ach is fochall ina chnámha bean gan náire. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) An bhean shubhailceach is coróin dá fear í: acht an bheán náirighios é is lobhadh iona chnámhaibh í. |
Is ionraic iad smaointe an fhíréin; ach is fealltach iad comhairlí na n‑urchóideach.
Tógann an [eagna] teach di féin, ach déanann an bhaois é scartáil lena lámha féin.
An té a aimsíonn bean chéile, aimsíonn sé sonas, agus bíonn fabhar aige ón Tiarna.
Bean thréigthe, nuair a phósann, agus daoirseach nuair a thógann [sí áit] a máistreása.
Tá cloiste agam; tá mo chroí corraithe; critheann mo bheola leis an nglór; leathnaíonn críonlobhadh trí mo chnámha agus lúbann mo chosa fúm. Fanaim go ciúin le lá na buartha atá le breacadh ar lucht ár n‑ionsaithe.
Ina dhiaidh sin agus uile níl an bhean neamhspleách leis an bhfear ná an fear neamhspleách leis an mbean sa Tiarna;
Ní gá d'fhear a cheann a chlúdach mar is íomhá agus [macasamhail] Dé é; ach is [macasamhail] den fhear an bhean;
Ná bíodh aon eagla ort más ea, a iníon ó; déanfaidh mé díreach mar a iarrfaidh tú óir tá a fhios ag muintir mo chathrach go léir a fheabhas de bhean thú.