Deireadh Aibseálóm leis: “Tá d'éileamh ceart agus cóir, ach níl aon fhear ionaid ceaptha ag an rí le héisteacht leat.”
Seanfhocal 12:2 - An Bíobla Naofa 1981 Bíonn gnaoi an Tiarna ar an duine cóir, ach daorann sé fear na ndrochbheart. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Gnodhuighidh an duine maith fabhar an TIGHEARNA: acht daimneochuidh sé duine na ndroichthríall. |
Deireadh Aibseálóm leis: “Tá d'éileamh ceart agus cóir, ach níl aon fhear ionaid ceaptha ag an rí le héisteacht leat.”
Bíonn an dea-dhuine carthanach fial lena chuid; riarann sé a ghnó go ceart onórach.
d'fhonn go bhfoilsí mé do mholtaí go léir ag doirse iníne Síón agus go ndéana mé lúcháir i do shlánú.
Uime sin ní foláir dóibh torthaí a gcúrsaí féin a chaitheamh, agus masmas a chur orthu féin lena mbearta féin.
An té a mbíonn cion aige ar an smacht, bíonn cion aige ar an eolas; an té ar fuath leis ceartú, is duine dúr é.
Nach bhfuil breall ar lucht na claonbheartaíochta? Bíonn cneastacht agus dílse i ndán do lucht na scéimeanna córa.
Óir an té a gheobhaidh mise, gheobhaidh sé an bheatha, agus gnóthóidh sé gnaoi an Tiarna.
Níl duine ar bith ann a bhfuil de chumhacht aige ar an ngaoth gur féidir dó í a shrianadh; níl sé ar chumas an duine ach oiread an bás a chur ar athló; in aimsir chogaidh níl a scaoileadh ó sheirbhís airm le fáil ag aon duine; ná ní mó a shábhálfaidh an t‑olc lucht a dhéanta.
Fear maith a bhí ann agus é lán den Spiorad Naomh agus de chreideamh. Agus cuireadh slua maith mór le buíon an Tiarna.
Is ar éigean a gheobhadh fear bás ar son duine chóir féin - is ea, b'fhéidir go mbeadh sé de chroí aige bás a fháil ar son dea-dhuine.