Freagróidh mo mhacántacht ar mo shon ina dhiaidh seo; nuair a thagann tú chun mo thuarastal a iniúchadh, gach gabhar nach bhfuil ballach ná breac agus gach caora nach bhfuil dubh a gheofar ar mo chuidse, tuigtear gur goideadh iad.”
Seanfhocal 11:6 - An Bíobla Naofa 1981 Déanann a bhfíréantacht na hionraice a fhuascailt, ach cuireann a n‑ainmhianta féin na feallairí i ngeimhle. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Sáorfuidh fíréantacht na nionnrac íad féin: acht géabhthar lucht an tsáruighthe iona néagcóruibh féin. |
Freagróidh mo mhacántacht ar mo shon ina dhiaidh seo; nuair a thagann tú chun mo thuarastal a iniúchadh, gach gabhar nach bhfuil ballach ná breac agus gach caora nach bhfuil dubh a gheofar ar mo chuidse, tuigtear gur goideadh iad.”
Níor fhág tú aon ní de m'aistrithe gan a chuardach; an bhfuair tú aon ní a bhaineann le do theach féin? Cuir anseo é más ea os comhair mo bhráithrese agus do bhráithrese i dtreo go dtabharfaidís breith eadrainn araon.
Lean an rí air agus dúirt le Simeí: “Tá a fhios agat i do chroí cén urchóid go léir a rinne tú do m'athair Dáiví. Tabharfaidh an Tiarna d'urchóid sa mhullach ort féin.
d'fhonn go bhfoilsí mé do mholtaí go léir ag doirse iníne Síón agus go ndéana mé lúcháir i do shlánú.
Scriosann an t‑aindiaga a chomharsa lena theanga, ach saortar na fíréin le barr eolais.
Bíonn cionta an urchóidigh mar ghaiste ina thimpeall, agus gabhtar é i líonta a pheaca féin.
An té a dhéanann poll, tharlódh go dtitfeadh sé féin isteach ann; an té a leagann fál, thiocfadh dó go mbainfeadh nathair greim as.
Ansin chas arm Iosrael ar a sála agus thit an lug ar an lag ag arm Bhiniáimin, mar chonaiceadar go raibh an tubaiste sa mhullach orthu.