Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 2:44 - An Bíobla Naofa 1981

44 Lean an rí air agus dúirt le Simeí: “Tá a fhios agat i do chroí cén urchóid go léir a rinne tú do m'athair Dáiví. Tabharfaidh an Tiarna d'urchóid sa mhullach ort féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

44 A dubhairt an rígh fós re Símei, Is aithnidh dhuit féin a nuile olc is fios dot chroidhe, do rinne tú rem athair Dáibhi: uime sin fillfe an TIGHEARNA holc air do cheann feín;

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 2:44
14 Tagairtí Cros  

Cén fáth, dá bhrí sin, nár choimeád tú mionn an Tiarna agus an t‑ordú a thug mé duit?”


Nuair a chuala Atailiá, máthair Achaizíá, go raibh a mac tar éis bháis, mharaigh sí an sliocht ríoga ar fad láithreach.


Thug Iahóideá mac an rí amach ansin, chuir sé an choróin agus [na muincí] air, agus d'ung ina rí é. Ansin bhuail siad a mbosa agus chuir gáir suas: “Go maire an rí!”


Gurab amhlaidh a roinnfidh an Tiarna le lucht mo chúisithe, agus leis an dream a dhéanann béadán ar m'anam.


D'oscail sé clais agus thochail í ach thit sé sa pholl a rinne sé.


Bíonn cionta an urchóidigh mar ghaiste ina thimpeall, agus gabhtar é i líonta a pheaca féin.


“Uime sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Dar mo bheo, mo mhionn a mhaslaigh sé agus mo chonradh a bhris sé, cúiteoidh mé iad ar a cheann féin.


Caithfear leis an sagart mar a chaithfear leis an bpobal; óir cúiteoidh mé leo a ndrochbhéasa, agróidh mé a n‑ainghníomhartha orthu.


Arna chlos sin dóibh d'imigh siad leo ina nduine is ina nduine ag tosú leis na seanóirí, agus ag dul síos go dtí deireadh; agus fágadh Íosa ina aonar agus an bhean ina seasamh i lár baill.


Taispeánann siad go bhfuil éirím an dlí greanta ar an gcroí. Agus mar fhianaise bhreise acu tá a gcoinsias féin agus a gcuid plé le chéile de réir mar bhíonn siad á chiontú seo nó á chosaint siúd.


Óir gur treise é Dia ná ár gcroí-ne agus is feasach dó an uile ní.


Nuair a fuair Dáiví scéala báis Nábál, dúirt sé: “Moladh leis an Tiarna a rinne an aithis a fuair mé ó láimh Nábál a agairt, agus a choisc a shearbhónta ón olc; tá drochbhearta Nábál tugtha sa mhullach air féin ag an Tiarna.” Ansin chuir Dáiví scéala cleamhnais go hAibíogáil.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí