Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Cóheilit 10:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 An té a dhéanann poll, tharlódh go dtitfeadh sé féin isteach ann; an té a leagann fál, thiocfadh dó go mbainfeadh nathair greim as.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 An té thochlas poll tuitfidh sé féin ann; agus gidh bé bhrisios fál, goirteochuidh naithir nimhe é.

Féach an chaibidil Cóip




Cóheilit 10:8
13 Tagairtí Cros  

Nuair a chonaic Aichítifeil nár leanadh a chomhairle, chuir sé an diallait ar a asal agus d'imigh leis abhaile dá chathair féin. Ansin chuir sé cúraimí a thí in ord agus chroch sé é féin agus fuair sé bás. Adhlacadh é i dtuama a athar.


Ansin tháinig deichniúr ógánach, lucht iompair airm Ióáb timpeall ar Aibseálóm, agus bhuail siad é agus mharaigh.


Éirigh in airde, a Dhia, os cionn na bhflaitheas; bíodh do ghlóir os cionn an domhain go léir!


Déanann a bhfíréantacht na hionraice a fhuascailt, ach cuireann a n‑ainmhianta féin na feallairí i ngeimhle.


An té a thochlann poll, titeann sé ann, agus filleann an chloch ar an té a bhaineann an chéad chasadh aisti.


An té a bhaineann clocha, d'fhéadfadh sé go ngortófaí leo é; an té a ghearrann adhmad, seans go gcuireann sé é féin i mbaol.


mar dhuine a d'éalódh ó leon ach gur bhuail béar leis; nó mar dhuine a rachadh isteach ina theach agus a leagfadh a lámh ar an mballa ach gur rug nathair nimhe air.


Má théann siad i bhfolach ar bharr Chairmeil cuardóidh mé agus ropfaidh mé liom iad; má théann siad i bhfolach uaim i ngrinneall na farraige ordóidh mé don Nathair greim a bhaint astu ansiúd.


D'imigh sé leis ansin go teach a athar in Ofrá, agus mharaigh a bhráithre, clann mhac Iarubál, deichniúr agus trí fichid díobh ar an aon leac. Ach d'éalaigh Iótám an mac a ba óige le Iarubál, mar bhí sé imithe i bhfolach.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí