Seanfhocal 1:2 - An Bíobla Naofa 1981 Le go mba eol céard iad an eagna agus an teagasc; le go dtuigfí briathra ciallmhara; An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Daithniughad eagna agus teasaisg; do thuigsin bhríathra a ttuigsionachd; |
Tabhair cluas do chomhairle, agus glac le teagasc, le go mbeadh breis gaoise agat as seo amach.
Tuigfidh tú ansin an fhíréantacht agus an chóir, an ceart agus bealach na fíréantachta.
Éistigí, a chlann mhac, le teagasc athar; tugaigí aird agus foghlaimigí céard í an tuiscint ghrinn.
Abair leis an eagna: “Is tú mo shiúr,” agus tabhair do “chara dil” ar an tuiscint,
A lucht an aineolais, foghlaimigí an chríonnacht; agus sibhse, a amadána, [bíodh ciall agaibh].