Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Seanfhocal 8:5 - An Bíobla Naofa 1981

5 A lucht an aineolais, foghlaimigí an chríonnacht; agus sibhse, a amadána, [bíodh ciall agaibh].

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 O a dhaoine simplídhe, tuigidh eagna: agus, sibhsi a amadána, bíodh bhur ccroidhe tuigsionach.

Féach an chaibidil Cóip




Seanfhocal 8:5
15 Tagairtí Cros  

Tá a thriall amach as teorainn na spéire agus a iomchuairt thart chun na teorann eile, agus níl dul óna theas ag aon ní ar bith.


Bíodh tuiscint agaibh, a lucht na díchéille; a phleidhcí an phobail, bíodh ciall agaibh!


“A dhaoine saonta, an fada eile a thabharfaidh sibh gean do bhur saontacht? An fada eile a bhainfidh scigirí taitneamh as a scigireacht agus a bheidh drochmheas ag amadáin ar an eolas?


Óir maraíonn a dtuathail féin an mhuintir shaonta, agus scriostar na hamadáin trína sástacht féin.


Le críonnacht a thabhairt don saonta, agus eolas agus tuiscint don óg;


Onóir is oidhreacht ag lucht na heagna, ní bhíonn ach an táire mar chuid ag amadáin.


Mise, an Eagna, tá cónaí orm sa chríonnacht; aimsím eolas agus éirím;


“Oraibhse atá mé ag glaoch, a fheara; ar chlann na ndaoine atá mé ag lámh.


“Cibé ar bith duine atá saonta, casadh sé isteach anseo!” agus le lucht na díchéille deir sí:


Tá an Tiarna ag triall amach mar bheadh laoch ann, tagann riastradh air mar a thiocfadh ar ghaiscíoch; cuireann sé an gháir chatha as, tógann sé liú, agus ar aghaidh leis ina laoch i gcoinne a naimhde.


chun a súile a oscailt le go n‑iompóidís ón dorchadas chun an tsolais agus ó chumhacht Shátain chun Dé, ar shlí go bhfaighidís maithiúnas óna bpeacaí agus ionad i measc an phobail naomhaithe, trína gcreideamh ionamsa.’ ”


Thogh Dia nithe uirísle agus nithe suaracha an tsaoil agus nithe nach bhfuil ann chun na nithe atá ann a chur ar neamhní,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí