Salm 102:12 - An Bíobla Naofa 1981 Is cosúil mo laethanta le scáil a chuaigh chun síneadh; tá mé ag críonadh ar nos an fhéir. An tSaltair 1965 (Ó Cuinn) Ach mairfidh tusa, a Thiarna, go deo: agus mairfidh do chuimhne ar feadh a dtiocfaidh de ghlúna. Psalma Dhaibhí 1836 Ach mairfigh tusa a Dhé go brath, ’S do chuimhne síor gan éur. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Acht tusa, a THIGHEARNA, mairfir go síorruidhe; agus do chuimhne ó ghinealach go ginealach. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Is cosúil mo laethanta le scáil a chuaigh chun síneadh; tá mé ag críonadh ar nos an fhéir. |
Tá na naimhde arna gcloí, arna milleadh go deo; leag tú a gcathracha ar lár; chuaigh a gcuimhne ar ceal.
Eascraíonn sé ar maidin agus bláthaíonn sé baintear é agus feonn sé um thráthnóna.
Agus dúirt Dia arís le Maois: “Seo mar a déarfaidh tú le clann Iosrael: ‘An Tiarna, Dia bhur n‑aithreacha, Dia Abrahám, Dia Íosác, Dia Iacóib, is é a chuir chugaibh mé.’ Sin é m'ainm ar feadh na síoraíochta agus sin mar a bheidh m'ainm á ghlaoch ó ghlúin go glúin. ”
Mar seo a labhraíonn an Tiarna, rí Iosrael, agus a fhuascailteoir, Tiarna na Slua: “Is mise an tús agus an deireadh; ach mise amháin, níl déithe ar bith eile ann.
In ionad a bheith tréigthe mar a bhí tú, i do chéile a raibh fuath ort agus tú fágtha, déanfaidh mé ábhar mórála díot go deo, cúis ghairdis ó ghlúin go glúin.
Ach maireann tusa, a Thiarna, i do rí go brách; beidh do ríchathaoir ann ó ghlúin go glúin.
Sé Dia síoraí do thearmann. Anseo thíos sé an lámh shíoraí é ag tiomáint an namhad romhat; eisean a deir: “Scrios iad.”