D'éirigh Dáiví ón urlár, nigh agus d'ungaigh é féin, agus chuir malairt éadaigh air féin. Ansin chuaigh sé isteach i dteach an Tiarna agus rinne adhradh. Ar fhilleadh chun a thí dó, d'iarr sé bia, leagadh os a chomhair é agus chaith sé é.
Rut 3:3 - An Bíobla Naofa 1981 Déan thú féin a ní, dá bhrí sin, agus a ungadh, agus cuir do thogha éadaigh ort, agus síos leat chun an urláir; ach ná cuir thú féin in aithne dó, nó go mbeidh bia agus deoch caite aige. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Nígh thú féin ar a nadhbharsin, agus ungaidh thú féin, agus cuir héadach umad, agus eírigh síos chum a nurlaír: achd ná léig haithne chum a nóglaich, nó go sguiridh sé dithe agus dól. |
D'éirigh Dáiví ón urlár, nigh agus d'ungaigh é féin, agus chuir malairt éadaigh air féin. Ansin chuaigh sé isteach i dteach an Tiarna agus rinne adhradh. Ar fhilleadh chun a thí dó, d'iarr sé bia, leagadh os a chomhair é agus chaith sé é.
Chuir Ióáb fios go Teacóá dá bhrí sin ar bhean chliste, agus dúirt sé léi: “Lig ort a bheith ag caoineadh; cuir éadach caointe ort; ná cuir ola ort féin; agus iompair thú féin mar bhean a bheadh ag caoineadh an mhairbh le fada an lá;
agus fíon a chuireann áthas ar an duine, d'fhonn aoibh a chur ar a aghaidh le hola, agus a chroí a neartú le harán.
Caith éadach geal i gcónaí agus ná bíodh uinnimint de dhíth ar do cheann choíche.
Ach tusa, nuair a bhíonn tú ag déanamh troscaidh, cuir ola ar do cheann agus nigh d'aghaidh,
Anois nach gaol dúinn Boaz a raibh tú i bhfochair a mheithle? Féach beidh sé ag cáitheadh na heorna anocht ar an urlár buailte.
Nuair a luífidh sé, fair ar an áit ina luífidh agus téigh isteach agus bain an brat dá chosa agus luighse féin ansiúd. Inseoidh sé duit céard a bheidh le déanamh agat.”