Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Rut 3:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 Anois nach gaol dúinn Boaz a raibh tú i bhfochair a mheithle? Féach beidh sé ag cáitheadh na heorna anocht ar an urlár buailte.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Agus a nois nach bhfuil Boas dar ccineadhne, a raibh tusa a bhfochair a chailineadh? Féach biáidh sé ag cáthadh eórna a nochd ar urlár an bhúailte.

Féach an chaibidil Cóip




Rut 3:2
8 Tagairtí Cros  

Nuair a shroicheadar Urlár Buailte Átád lastall den Iordáin, chaoineadar caoineadh fada dobrónach ansiúd agus bhí sé féin ag caoineadh a athar ar feadh seacht lá.


Bhí fear gaoil ag Náoimí de thaobh a fir, fear an-saibhir de shliocht Eilímeilic agus Boaz ab ainm dó.


Dúirt Boaz le Rút: “Éist liom anois, a iníon ó, agus tuig é seo uaim: ná téighse a dhíolaim in aon ghort eile. Ná fág an áit seo ach lean go dlúth mo mheithealsa.


Ansin dúirt Náoimí máthair a céile léi: “A iníon ó, nach é mo ghnó féachaint chuige go gcuirfidh tú fút go socair sásta.


Déan thú féin a ní, dá bhrí sin, agus a ungadh, agus cuir do thogha éadaigh ort, agus síos leat chun an urláir; ach ná cuir thú féin in aithne dó, nó go mbeidh bia agus deoch caite aige.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí