D'fhreagair an comhthionól go léir d'aonghuth in ard a gcinn: “Mar sin atá; is é ár ndualgas déanamh mar a deir tú!
Nihimiá 5:12 - An Bíobla Naofa 1981 “Déanfaimid cúiteamh,” d'fhreagair siad, “ní éileoimid a thuilleadh orthu; déanfaimid rud ort.” Chuir mé fios ar na sagairt agus thug mé faoi deara dóibh mionn a thabhairt go ndéanfaidís beart de réir a mbriathar. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ann sin dubhradarsan, Aiseogam, agus ní íarrfam éinní orra; mar a deir tusa is marsin do dhéanam. Annsin do ghoir mé na sagairt, agus do bhean mé mionna dhíobhsan, go ndéanaidis do réir na geallamhnasa. |
D'fhreagair an comhthionól go léir d'aonghuth in ard a gcinn: “Mar sin atá; is é ár ndualgas déanamh mar a deir tú!
Ansin d'éirigh Eazrá agus chuir d'iallach ar na príomhshagairt agus ar na Léivítigh agus ar na hIosraelaigh go léir mionn a thabhairt go ndéanfaidís mar a dúradh; thug siad an mionn.
Agus an chuid eile den phobal, na sagairt, agus na Léivítigh, na gardaí geata, na cantairí, na tíolacthaigh, agus gach duine a scar le bunadh na dtíortha le cloí le dlí Dé; a mná, a gclann mhac agus iníonacha, agus gach duine a bhí tagtha go blianta na tuisceana -
aontaíonn siad lena ngaolta, agus lena n‑uachtaráin, agus gabhann siad orthu de bhrí mionna agus mallachta siúl i gcosán dhlí Dé a tugadh trí Mhaois searbhónta Dé, agus aitheanta uile an Tiarna, ár dTiarna, agus a ghnásanna agus a reachtanna, a chomhlíonadh.
De bheachtnithe: Ní thabharfaimid ar n‑iníonacha le posadh do phór an tíre, ná ní thógfaimid a n‑iníonacha mar mhná dár mic.
Rinne mé ceartú orthu agus chuir mallachtaí orthu; bhuail mé a lán acu agus staith mé a ngruaig agus thug faoi deara dóibh mionn a thabhairt dar Dia á rá: “Ná tugaigí bhur n‑iníonacha le pósadh dá mic, agus ná tógaigí a n‑iníonacha le bheith mar mhná ag bhur mic ná agaibh féin.
Tugaigí ar ais gan mhoill dóibh a dtailte agus a bhfíonghoirt, a luibhghoirt ológ agus a dtithe, agus maithigí [na fiacha] ar an airgead, ar an arbhar, ar an bhfíon agus ar an ola a thug sibh ar iasacht dóibh.”
D'fhan Íosa ina thost. Dúirt an t‑ardsagart leis: “Cuirim ort as ucht Dé bheo a insint dúinn an tú an Críost Mac Dé.”
Ach dúirt Zacháias go croíúil leis an Tiarna: “Is é a dhéanfaidh mé, a Thiarna, leath mo mhaoine a thabhairt do na boicht, agus má bhain mé aon ní go héagórach d'aon duine, déanfaidh mé aisíoc leis faoi cheathair.”