Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Nihimiá 10:31 - An Bíobla Naofa 1981

31 De bheachtnithe: Ní thabharfaimid ar n‑iníonacha le posadh do phór an tíre, ná ní thógfaimid a n‑iníonacha mar mhná dár mic.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

31 Agus má bheirid muinntir na tíre léo earradh nó bíadh ar bith ansa tsabbóid dá reic, nach cceinneochaimaisne é annsa tsabboid, nó san ló naomhtha: agus go léigfimis an seachdmhadh bfiadhan dínn, agus coímhéigniughadh gach uile fhíach.

Féach an chaibidil Cóip




Nihimiá 10:31
24 Tagairtí Cros  

Is mar sin a comhlíonadh focal an Tiarna a labhair sé trí bhéal Irimia: “Coimeádfaidh an tír seo a sabóid i rith laethanta a hainnise go ceann deich mbliana agus trí scór, nó go mbeidh a sabóidí caite aici.”


Chonaic mé freisin an t‑am úd Giúdaigh a phós mná ó Aisdeod, ó Amón agus ó Mhóáb.


An gcaithfimidne cur suas lena chloisteáil go bhfuil sibhse freisin ag déanamh na coire móire sin, agus ag fealladh ar bhur nDia trí mhná deoranta a phósadh?”


Agus an chéad lá beidh comhthionól naofa agaibh agus comhthionól naofa mar an gcéanna ar an seachtú lá. Ná déantar aon scaob oibre na laethanta sin, ach gur féidir daoibh cibé rud a íosfaidh gach duine a chóiriú.


ach an seachtú lá, is sabóid é don Tiarna do Dhia. An lá sin ná déan scaob oibre - tú féin ná do mhac, ná d'iníon, ná do dhaor ná do dhaoirseach, ná do stoc ná an deoraí atá faoi do dhíon.


nó b'fhéidir go nglacfá mná do do mhic as a n‑iníonacha, agus go ndéanfaidis sin, lena striapachas lena ndéithe féin, do mhic a mhealladh chun déanamh amhlaidh lena ndéithesean.


An troscadh is áil liom, nach é seo é? dar briathar an Tiarna Dia: Geimhleacha na héagóra a scaoileadh, an ceangal a bhaint den chuing; an dream a smachtaíodh a scaoileadh saor amach, an uile chuing a bhriseadh;


“Bíodh sé seo mar dhlí síoraí agaibh: Ar an deichiú lá den seachtú mí, déanaigí troscadh, agus scoirigí den obair, idir thíorthaíoch agus dheoraí ag cur faoi in bhur measc.


Bíodh comhthionól agaibh an lá céanna sin, comhthionól naofa; ní dhéanfaidh sibh aon saothar trom. Reacht síoraí é seo do bhur sliocht, cibé áit ina mbeidh cónaí oraibh.


Déanaigí saothar ar feadh sé lá, ach bíodh an seachtú lá ina lánsaoire, ina lá comhthionóil naofa nach ndéanfar saothar ar bith. Cibé ait ina mbíonn cónaí oraibh, sabóid don Tiarna é seo.


agus maith dúinn ár bhfiacha, mar a mhaithimidne dár bhféichiúna féin;


Dá chionn sin ná ligigí d'aon duine a bheith ag ordúchán oraibh faoi chúrsaí bia agus dí ná i dtaobh féilte cinn bhliana nó féilte míosúla nó laethanta sabóide.


Óir tá breithiúnas gan trócaire le tabhairt ar an té nach ndearna trócaire; ach sáraíonn an trócaire an breithiúnas.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí