Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Nihimiá 5:13 - An Bíobla Naofa 1981

13 Ansin chroith mé amach urlach m'fhallainge á rá: “Go ndéana Dia amhlaidh sin agus go gcroithe sé amach as a theach agus as a shealúchas, aon duine nach gcoimeádann an gheallúint seo; go gcroitear amach mar sin é agus go bhfagtar follamh é!” Agus d'fhreagair an comhthionól go léir “Amen” agus mhol siad an Tiarna. Choimeád an pobal an gheallúint sin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 Mar an ccéadna do chroith mé mucht, agus a dubhairt mé, Go ccroithidh Día marso amach as a thigh, agus as a shaothar, an té nach ccoimhéolluidh an gealladhsa, gu madh marso chroithfighthear amach, agus fhoilmheochthar é. Agus a dubhairt an comhchruinniughadh uile, Amen, agus do mholadar an TIGHEARNA. Agus do rinneadar na daóine do réir na geallamhnasa

Féach an chaibidil Cóip




Nihimiá 5:13
17 Tagairtí Cros  

Sheas an rí ar an ardán agus rinne sé conradh i láthair an Tiarna a chur mar cheangal air féin an Tiarna a leanúint agus a aitheanta agus a reachtanna agus a dhlíthe a chomhlíonadh lena chroí go hiomlán, agus lena anam go hiomlán, ionas go mbeadh éifeacht le briathra an chonartha a bhí scríofa sa leabhar sin. D'aontaigh an pobal ar fad leis an gconradh.


Go mba beannaithe é an Tiarna, Dia Iosrael, ó shíoraíocht go síoraíocht.” Ansin dúirt an pobal go léir “Amen” agus mhol siad an Tiarna.


Ansin thug Eazrá moladh don Tiarna, Dia mór, agus d'ardaigh an pobal go léir a lámha agus d'fhreagair siad: “Amen! Amen!” agus chrom siad síos agus shléacht siad go talamh roimh an Tiarna.


Mhionnaigh mé agus bheartaigh mé i m'aigne, d'fhoraitheanta a choimeád.


Toirbhir íobairt an bhuíochais do Dhia díol do mhóideanna leis an Té is Airde.


Déanfaidh fraoch an duine féin thú a mholadh; déanfaidh fuíoll a chuid feirge crios duit.


Lucht tréigthe an dlí, molann siad na hurchóidigh; ach an mhuintir a chomhlíonann é, cuireann siad ina n‑aghaidh.


Ná lig do do bhéal a thabhairt ort peaca a dhéanamh agus ná habair i láthair teachtaire Dé: “Dearmad ba ea é.” Cad chuige a gcuirfeá fearg ar Dhia le do chuid cainte agus go millfeadh sé obair do lámh?


Go dté uisce seo na mallachta isteach i do chliabhlach, go n‑ata sé do bholg agus go searga sé do shliasaid!’ Freagraíodh an bhean: ‘Amen, Amen!’


Duine ar bith nach nglacfaidh sibh agus nach n‑éistfidh le bhur mbriathra, gabhaigí amach as an teach nó as an gcathair sin agus croithigí an deannach de bhur gcosa.


Chroith siadsan an deannach dá gcosa orthu agus as go brách leo go hIocoiniam.


Agus nuair a thosaigh siadsan á bhréagnú agus á cháineadh, chroith sé an deannach dá éadaí, á rá leo: “Bíodh bhur gcuid fola ar bhur gceann féin. Ní bheidh mise freagarthach inti. As seo amach tabharfaidh mé aghaidh ar na págánaigh.”


Más le do spiorad amháin a mholann tú conas a chuirfidh aon ghnáthdhuine “Amen” le d'altú nuair nach bhfuil a fhios aige cad atá tú a rá?


Dúirt Samúéil leis: “Tá ríocht Iosrael stróicthe uait inniu ag an Tiarna agus tugtha aige do chomharsa duit, is fearr d'fhear ná thú.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí